Tá an comórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada 2021 oscailte anois, agus beidh comórtas na bliana seo dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail, is iad sin an bosca ceoil, an mileoidean, an consairtín agus an t-orgán béil. Tá go dtí 15 Deireadh Fómhair ag ceoltóirí le cur isteach air.

Deir Peadar Ó Riada, riarthóir an chomórtais:
"Seo bliain thar a bheith speisialta don chomórtas, agus muid ag comóradh caoga bliain i mbliana ó cailleadh Seán. Onóir faoi leith a bheas ann don cheoltóir a mbeidh a n-ainm greanta ar bhonn 2021 gan dabht."

Roghnófar 15 iomaitheoir ó na hiarrthóirí uilig le bheith san iomaíocht sa chraobh i dtús na bliana seo chugainn, agus bronnfar Bonn Óir Seán Ó Riada agus €2500 ar an mbuaiteoir.

Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheart do cheoltóirí:

- 5 phíosa/seit ceoil a thaifead
(is leor iad a thaifeadadh ar an ríomhaire/fón, ní caighdeán stiúideo atá i gceist)

- Iad a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín www.cuireadhchunceoil.ie faoin 5 Deireadh Fómhair 2021

Ba é an boscadóir óg as Tiobraid Árann Keelan McGrath a bhuaigh an comórtas seo an uair dheireanach go raibh an grúpa uirlisí seo i gceist, ceithre bliana ó shin.

Fógrófar na hiomaitheoirí a bheas sa chraobh ar an gclár Cuireadh chun Ceoil beo ó Éigse Dhiarmuidín, Dé hAoine 3 Nollaig ag 7 pm, agus ina dhiaidh sin beidh Peadar Ó Riada ag casadh cuid de na hiarrachtaí atá istigh ar an gcomórtas gach Aoine ar an gclár.

__________________________________________

The competition for the Seán Ó Riada Gold Medal 2021 is now open for entries, and this year's competition is for metal-reed instruments – accordion, melodeon, concertina and mouth organ. The closing date for entries is 15 October 2021.

To enter the competition, musicians must:

- Record 5 sets of tunes
(They can be recorded on computer or phone, studio quality is not required)

- Upload them to www.cuireadhchunceoil.ie by Friday 15 October

The finalists will be announced on the Cuireadh chun Ceoil programme live from the Éigse Dhiarmuidín festival on Friday 3 December at 7 pm, and after that Peadar Ó Riada will be playing some of the entries each week on the programme on RTÉ Raidió na Gaeltachta.