Brón ar an mbás ... Tá drochscéal chugainn go bhfuil Bríd Ní Chualáin, cara agus comhghleacaí linn, imithe ar shlí na fírinne. Leaba i measc na naomh go raibh aici.

I ráiteas, dúirt Ceannaire an stáisiúin Gearóid Mac Donncha:
"Cúis mhór bróin dúinn an scéala atá tagtha chugainn go bhfuil ár gcomhghleacaí agus ár gcara Bríd Ní Chualáin imithe ar shlí na fírinne, suaimhneas síoraí dá hanam uasal."

"D'oibrigh Bríd ar fud an tí ó thosaigh sí ag obair linn sa bhliain 1990. Bhí sí ina craoltóir den scoth, agus ina léiritheoir cumasach. Ba chomhghleacaí díograiseach, taitneamhach, spraíúil a bhí inti, ar bhain daoine an-sásamh as a bheith ag obair léi agus is boichte go mór an tseirbhís, agus an fhoireann seo, gan í."

"Tá muid ag cuimhniú inniu ar a fear céile Pádraic, ar a clann mhac Dónall agus Cathal, ar a muintir, agus ar a cairde go léir, go dtuga Dia sólás dóibh ar fad."

Rinne Ciarán Ó Fátharta, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta Raidió na Gaeltachta, cur síos ar Bhríd ar Nuacht a hAon Dé Luain.

"Bean uasal a bhí mBríd ar chuile bhealach. Bean í a raibh sé an éasca obair léi, agus bean a raibh sé éasca gáire a bhaint aisti. Comhghleacaí cineálta, an-ghairmiúil go deo a raibh a croí agus a hanam i chuile shórt a rinne sí. Corp an duine uasail. Thar ceann na seirbhíse, go háirithe rannóg na nuachta anseo, déanaim comhbhrón ó chroí lena muintir uilig."

Craolfar eagrán speisialta ómóis de Nuacht a hAon Dé Máirt 7 Meán Fómhair.

_________________

Ba as Carna do Bhríd Ní Chualáin, agus thosaigh sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1990. San achar ama a bhí sí leis an Raidió, d'oibrigh sí le chuile ghné den chraoltóireacht.

Ba i gcartlann na seirbhíse a thosaigh sí ag obair sa stáisiún, agus chaith sí dhá bhliain ag obair ansin nó go ndeachaigh sí ag obair ar leanúnachas, agus b’as sin a thosaigh a saol craoltóireachta. Chaith sí na sé bliana deiridh ag obair ar an gclár Nuacht a hAon - leath an ama sin ag láithriú an chláir agus an chuid eile á léiriú. D’oibrigh Bríd ar nuacht náisiúnta agus náisiúnta, ar nuacht an iarthair agus léirigh sí Adhmhaidin ó thráth go chéile freisin.

D’oibrigh sí i Rannóg na gClár freisin. Léirigh sí cláracha irise, leithéidí Scéal Aniar agus Iris Aniar, agus ba í an t-aon léiritheoir riamh a bhí ar an gclár Ardtráthnóna le Máirtín Tom Sheáinín, ról a bhí aici ar feadh cúpla bliain. D’oibrigh sí ar réimse leathan cláracha eile freisin, ina measc Leagan na mBan, Blúiríní Blasta agus
i-club.

Amach as an méid a rinne Bríd ina cuid blianta seirbhíse leis an stáisiún, déarfadh sí i gcónaí gurb í an Nuacht ab fhearr léi agus gur i gcúrsaí nuachta a ba mhó a bhí suim. Thaitin le Bríd a bheith ag aimsiú scéalta chomh maith leis an dúshlán a bhain le cainteoirí nua a fháil le labhairt ar na hábhair a bheadh reatha, rud a rinne sí go cumasach thar na blianta.