Tá sé fógartha inniu ag RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil Damien Ó Dónaill ceaptha ina Bhainisteoir Réigiún an Tuaiscirt don tseirbhís.

Is as Rann na Feirste do Damien, agus ba le tráchtaireacht a thosaigh sé i mbun a ghairm mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis dó comórtas tráchtaireachta an stáisiúin a bhaint sa bhliain 2013. Fuair sé post lán-aimseartha mar Chlár Reachtaire sa bhliain 2014, agus sna blianta ó shin d'oibrigh sé i rannóga éagsúla na seirbhíse - sa seomra nuachta, mar léiritheoir ar an gclár Rónán Beo agus ar an gclár Bladhaire, agus bhí sé mar láithreoir agus léiritheoir ar chláracha agus ar shraitheanna faisnéise, chomh maith le hobair ollmhór i gcúrsaí spóirt.

Ag labhairt dó ar a cheapachán, dúirt Damien:

"Is onóir mhór dom an post seo a bheith faighte agam. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le foireann thar a bheith cumasach, díograiseach agus nuálach sna Doirí Beaga, i gcomhar leis an fhoireann náisiúnta, leis an chuid is fearr a bhaint amach don stáisiún. Is é mo mhian tógáil ar an obair mhór a rinneadh go dtí seo i RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a bheith dílis do chuspóirí agus d’fhís ár mbunaitheoirí, chomh maith le dul i ngleic leis na dúshláin úra agus na hathruithe i saol an raidió a bheas romhainn sna blianta atá le theacht."

"Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Edel Ní Chuireáin agus í ag dul ar scor agus smaointím go cumhúil fosta ar Shéamus Mac Géidigh a bhí mar bhainisteoir orm i dtús ama sa raidió. Bhí tionchar ollmhór ag Séamus agus ag Edel ar mo chuid oibre ón chéad lá a thosaigh mé le RTÉ Raidió na Gaeltachta."

Rachaidh Damien Ó Dónaill i mbun dualgais mar Bhainisteoir Réigiún an Tuaiscirt gan mhoill. Tagann sé i gcomharbacht ar Edel Ní Chuireáin atá ag éirí as a post tar 38 bliain leis an tseirbhís.