Beidh cuid de shár-cheoltóirí consairtín na tíre seo, ina measc Caroline Keane, Sam Kelly, Seán Ó Fearghail, Aoife Kelly, Tim Collins, Pádraig Rynne agus Aoibheann Queally, agus a gcairde ceolmhara, le cloisteáil sa tsraith nua Camchuairt an Chonsairtín a bheas ag tosú Dé Céadaoin 28 Iúil ag 1.30 pm.
Sraith coirmeacha a bheas le cloisteáil againn sa chlár seo, a reáchtáladh mar chuid d'fhéile Consairtín 2021. Bunaíodh an fhéile Consairtín sa bhliain 2014 chun ceol na huirlise sin a chur chun cinn i measc óg agus aosta, in Éirinn agus thar lear. Ní fhéadfaí an fhéile a réachtáil i mbliana nó anuraidh mar gheall ar na srianta sláinte poiblí, agus mar sin socraíodh go mbeadh féile fhíorúil ann ina áit. Taifeadadh sé choirm cheoil in ionaid ar fud na tíre, le maoiniú ón gComhairle Ealaíon, agus is iad sin a bheas le cloisteáil againn sa chlár nua Camchuairt an Chonsairtín.
Sa chéad chlár, cloisfidh muid Aoife Kelly agus Charlie le Brun, agus Sam agus Mark Kelly. Taifeadadh an dá ghrúpa ceoltóirí seo i dTaisce Cheol Dúchais na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Is iad Caroline Keane agus Tom Delany a bheas le cloisteáil sa dara clár, mar a chas siad sa Díseart sa Daingean i gCo. Chiarraí. I gclár a trí beidh muintir na Rinne againn - Seán agus Caoimhín Ó Fearghail le Macdara Ó Faoláin, ag casadh in Ionad Pobail na Rinne. Beidh na deirfiúracha Aoibheann agus Pamela Queally, le Shane Creed agus Gearóid McNamara, le cloisteáil i gclár a ceathair, i dtaifead a rinneadh i Halla an Phobail i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir. Beidh Tim Collins, Derek Hickey, Liam Flanagan agus Jack Talty i mbun ceoil i gclár a cúig, agus taifeadadh iad siúd i dTigh Sheáin in Áth Dara, Co. Luimnigh. Cuirfidh Pádraig Rynne, Tara Breen agus Jim Murray críoch leis na coirmeacha i dtaifead a rinneadh i Stiúideo Music Generation in Inis. Co. an Chláir.
Is í Áine Hensey a chuirfidh na coirmeacha seo i láthair sa tsraith Camchuairt an Chonsairtín gach Céadaoin ag 1.30 pm ag tosú Dé Céadaoin 28 Iúil agus ag leanacht go deireadh sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Rinneadh an tsraith le maoiniú ón gComhairle Ealaíon, agus ba iad Malbay Studios a bhí i mbun cúrsaí fuaime.
_________________________________
Some of the best concertina musicians in Ireland, including Caroline Keane, Sam Kelly, Seán Ó Fearghail, Aoife Kelly, Tim Collins, Pádraig Rynne and Aoibheann Queally, and their musical friends, will feature in the brand new series Camchuairt an Chonsairtín starting on Wednesday 28 July at 1.30 pm.
Martin O'Malley (fear ceamara) le Mark agus Sam Kelly sa Taisce Cheol Dúchais.