Tá dhá fholúntas do Chlár Reachtairí againn, ceann i mBaile na nGall i gCo. Chiarraí agus an ceann eile i gCasla i gConamara faoi láthair.

Ina theannta sin, tá súil againn painéal a bhunú as a bhféadfar aon fholúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna ceantair luaite a líonadh amach anseo.

Oibríonn an Clár Reachtaire i bpáirt le meitheal léiriúcháin, teicneolaíochta agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta.


I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh::

Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla

Obair iriseoireachta agus tuairisciú

Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu

Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile

Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta
__________________________________

Tá muid ag lorg daoine leis na tréithe seo a leanas:

Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt

Taithí chraoltóireachta nó iriseoireachta

Tuiscint faoi leith ar shaol cultúrtha agus polaitíochta na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Cruthaitheacht, fiosracht intleachtúil agus samhlaíocht

Tuiscint ar an nuacht agus an cumas chun breith stuama eagarthóireachta a thabhairt

Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth agus a bheith in ann obair as a stuaim féin nó mar chuid d'fhoireann léiriúcháin

Scil agus spéis in úsáid a bhaint as na meáin shóisialta chun críche nuachta, chun ábhar a sheachadadh agus cur leis an lucht éisteachta

Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal

______________________________

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas ná Dé hAoine, an 23ú lá Iúil 2021, ag a 5 i.n.

Breis eolais / Cuir isteach ar na poist anseo