Tá folúntas do Reachtaire Rúnaíochta againn i mBaile na nGall i gCo. Chiarraí faoi láthair. Oibríonn an Reachtaire Rúnaíochta i bpáirt leis na meithealacha teicniúla, léiriúcháin agus bainistíochta le seirbhís raidió den chéad scoth a chur ar fáil don phobal éisteachta. I measc na ndualgas a bheidh ar an Reachtaire Rúnaíochta áirítear iad seo a leanas:

  • Tacaíocht a thabhairt do na meithealacha theicniúla, léiriúcháin agus bainistíochta
  • Glaonna, ríomhphoist agus fiosraithe ón bhfoireann agus ón bpobal a láimhseáil
  • Tacaíocht léirithe a thabhairt sa stiúideo agus ar chraolta seachtracha nuair a bheidh clár beo nó réamhthaifeadta le déanamh. Fáilte a chur roimh aíonna a bheidh ar na cláracha sin
  • Páipéarachas, íocaíochtaí, duaiseanna, sonraí ceoil, oird reatha, cartlannaíocht agus aon riarachán eile a bhaineann le cláir a phróiseáil.

Tá muid ag lorg duine a bhfuil:

  • Gaeilge den scoth, idir scríobh agus labhairt agie/aici
  • Taithí aige/aici ar obair oifige agus atá go maith ag obair as a stuaim féin agus mar chuid d'fhoireann a chomhoibríonn lena chéile
  • Scíleanna ríomhaireachta aige/aici, chomh maith le heolas ar na meáin shóisialta agus ar acmhainní eile ar líne
  • Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth
  • Suim agus eolas aige/aici faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal

Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas Dé Luain 5 Iúil 2021, ag a 5i.n.

Breis eolais / Cuir isteach ar an bpost anseo