Cuirfidh muid tús le sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an Luan 7 Meitheamh, agus beidh sraitheanna nua litríochta agus ceoil, glórtha an aos óig, sraith luachmhar stairiúil ceoil agus amhránaíochta, agus cláracha siamsaíochta san áireamh sa sceideal nua, a mhairfidh go dtí 6 Meán Fómhair.

Cuirfidh Marcus Mac Conghail an clár Aistí ón Aer i láthair gach Luan ag 4.10 pm. Aistí nua-scríofa ar réimse leathan ábhair a bheas le cloisteáil sa chlár seo. Ar na haíonna a bheas le cloisteáil sa tsraith, beidh Roxanna Nic Liam, Manchán Magan, Páraic Breathnach, Eoin Mc Evoy, Cormac de Barra, Dennis King, Julie Field agus Ceri Garfield, gan ach cuid acu a lua.




Beidh an-suim ag lucht an cheoil agus na staire sa tsraith Bailiúchán Bhairbre, a craoladh den chéad uair sa bhliain 2006, agus a bheas le cloisteáil arís sa samhradh i mbliana gach Satharn ag 10 am, ag tosú ar 12 Meitheamh. Tá 12 clár in iomlán sa tsraith, atá bunaithe ar chnuasach téipeanna a chruthaigh Bairbre Quinn in Árainn agus i gConamara le linn na 1960í agus na 1970í. Ba í Bairbre an chéad oileánach a raibh téip-thaifeadán aici. Cloistear oileánaigh agus cuairteoirí, sean agus óg, filí agus gasúir scoile, agus caint nádúrtha na ndaoine, sna cláracha.

Fuair an chéad shraith den chlár An Seisiún ainmniúchán ag Gradaim Raidió IMRO i 2018, agus beidh sraith nua le cloisteáil sa samhradh. Don chlár seo, cuirtear triúr ceoltóirí le chéile i stiúideo ar feadh 12 uair an chloig agus é de rún acu trí amhrán nua i nGaeilge a scríobh agus a thaifeadadh sa tréimhse ama sin. Is iad laoch Chorcaí John Spillane, an t-amhránaí as Conamara Róisín Seoighe agus an geabaire as Cill Mhantáin Oisín Mac Giolla Bhríde a bheas le cloisteáil sa chéad eagrán Déardaoin 10 Meitheamh ag 7 pm.


Is iliomad duaiseanna a bhuaigh an clár Rónán Beo nuair a bhí sé ar an aer, agus beidh deis ag éisteoirí a bheith ag dul siar ar bhóithrín na smaointe sa samhradh nuair a chuirfidh Rónán Mac Aodha Bhuí blaiseadh de na míreanna ón gclár sin anuas tríd na blianta i láthair gach Aoine ag 4.10 pm i Rónán Beo – Súil Siar. Beidh meascán de cheol beo ó sheisiúin sa stiúideo agus ag féilte agus ionaid éagsúla ar fud na tíre, rogha míreanna ó agallaimh ón gclár, agus míreann ó chláracha spleodracha an Oireachtais le cloisteáil ann.

Tá samhradh mór spóirt romhainn, agus ní loicfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na héisteoirí sa réimse sin. Beidh clúdach cuimsitheach ar chraobhacha peile agus iománaíochta le cloisteáil agus beidh Eagraí Spóirt na seirbhíse, Gearóidín Nic an Iomaire, ag na Cluichí Oilimpeacha i Tóiceo na Seapáine, agus tuairiscí agus tráchtaireacht beo aici dúinn ar na himeachtaí ansin.

Beidh roinnt sraitheanna spéisiúla eile ag tosú amach sa samhradh. Beidh Seámus Ó Scanláin ag comhrá le daoine óga sna fichidí agus sna tríochaidí faoin saol mar a fheictear dóibh siúd é agus faoin méid ar mhaith leo a bhaint amach sa todhchaí sa chlár An Chéad Ghlúin Eile a bheas ag tosú ar 22 Meitheamh. Beidh sraith ag Róisín Sheehy dúinn faoi choillte, agus an draíocht agus an tábhacht a bhaineann leo, Tar Liom go dtí an Choill, ag tosú ar 23 Meitheamh. Beidh sraith nua de cheol Americana ag Seán Ó hÉanaigh dúinn ó thús mhí Iúil, agus sraith nua den cheol traidisiúnta freisin.



I dtreo dheireadh an tséasúir ansin beidh dhá shraith nua eile ag tosú. Beidh Damien Ó Dónaill amuigh faoin aer sa tsraith Ó Mhuir go Sliabh i gcuideachta treoraí áitiúil agus é ag bailiú eolais uathu i dtaca leis an nádúr, an tírdhreach agus áilleacht cheantar iarthuaisceart Thír Chonaill a luíonn go socair faoi scáth na gcnoc. I measc na siúlóidí beidh Damien agus a chuid aíonna ar Shliabh Sneacht, 678m ar airde, atá mar chuid de Shléibhte Dhoire Bheatha, siúlóid Abhainn Chroithlí a scarann paróistí Ghaoth Dobhair agus Na Rosann, agus ar An Mhucais, sliabh a bhfuil go leor staire ag baint léi.



Beidh sé cheolchoirm den scoth le cloisteáil againn i Camchuairt an Chonsairtín, sraith coirmeacha a rinneadh in ionaid ar fud na tíre, agus beidh sé sin ag tosú ag deireadh mhí Iúil. I measc na gceoltóirí, beidh Aoife Kelly & Charlie le Brun; Caroline Keane & Tom Delany; Seán & Caoimhín Ó Fearghail le Macdara Ó Faoláin; Tim Collins, Derek Hickey, Liam Flanagan & Jack Talty; agus Pádraig Rynne, Tara Breen & Jim Murray, agus is í Áine Hensey a chuirfidh an tsraith i láthair.

Chomh maith leis sin uilig, beidh Caoimhín Ó Sé ar ais sa chathaoir gach lá ó Luan go hAoine le Tobar an Cheoil ag 10.15 am, agus beidh Pádraig Ó Sé ar ais le sraith nua den chlár Comhrá an Tráthnóna gach Céadaoin ag 4.10 pm. Beidh Pádraig le cloisteáil ar an gclár Binneas Béil freisin, ag 2 pm, cúpla lá sa tseachtain, agus beidh Áine Hensey ann ó Luan go Céadaoin.

Sin ceol, siamsaíocht, spórt, nuacht agus sraitheanna faisnéise i sceideal an tsamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 7 Meitheamh.

____________________________________

The RTÉ Raidió na Gaeltachta summer schedule kicks off on Monday 7 June, and runs until 6 September. The programmes will include entertainment, documentaries, literature, music and sport.