Beidh Gráinne agus Micheál Fitzgibbon, deartháir agus deirfiúr as Co. Luimnigh, i measc na gceoltóirí a bheas san iomaíocht sa chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada i mbliana a chraolfar beo ó Bhaile Bhúirne Dé hAoine 7 Bealtaine ag 7 pm.

Is iad an chruit agus na píobaí uilleann an dá uirlis atá i gceist don chomórtas i mbliana, agus beidh 15 ceoltóir páirteach sa chraobh, ochtar ar an gcruit agus seachtar ar na píoba.

As an Bhánóg i gCo. Luimnigh do Mhicheál agus Gráinne Fitzgibbon, agus tá siad sáite sa cheol ó bhí siad an-óg. Cé go mbeidh siad beirt sa chraobh, ní bheidh siad in iomaíocht dhíreach lena chéile mar go mbeidh Gráinne ag casadh ar an gcruit, agus go mbeidh Micheál i measc na bpíobairí sa chomórtas, agus b'fhéidir gur maith an rud é sin!

I mbliana freisin den chéad uair beidh iomaitheoir páirteach beo ó thar lear, sé sin Fiachra O'Regan, ó Chloch na Rón i nGaillimh ó dhúchas, a bheas páirteach beo ó Québec i gCeanada.

Cuirfidh Peadar Ó Riada an chraobh i láthair ar a chlár Cuireadh chun Ceoil ag 7 pm, agus is faoi na moltóirí, na ceoltóirí aitheanta Mick O’Brien, Laoise Kelly agus Michelle Mulcahy, a bheas sé buaiteoir a roghnú ar an dá uirlis. Bronnfar Bonn Óir Seán Ó Riada agus €2500 an duine orthu siúd beirt.

Ní bheidh aon lucht féachana i láthair i mbliana mar gheall ar na srianta sláinte poiblí, ach is féidir le daoine breathnú ar an gcomórtas beo ar leathanach Facebook RTE Raidió na Gaeltachta agus ag cuireadhchunceoil.ie agus a gcuid tacaíochta do na hiomaitheoirí a léiriú ansin más mian leo.

Beidh bainistiú na craoibhe ag teacht go hiomlán leis na treoirlínte sláinte poiblí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Gael Linn, IMRO, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Chorcaí na hurraitheoirí ar an gcomórtas i mbliana.

_______________________

Liosta iomlán na n-iomaitheoirí:

An Chruit

Éilís Needham (Coill an Eanaigh, Co. Shligigh)
Donnchadh Mac Aodha (Dún Dealgan, Co. Lú)
Alisha McMahon (Muileann Uí Cheallacháin, Co. an Chláir)
Emer Ní Scolaí (Droim Conrach, BÁC)
Emma Benson (Céideadh, Co. Ros Comáin)
Fionnuala Donlon (Dún Dealgan, Co. Lú)
Gráinne Fitzgibbon (An Bhánóg, Co. Luimnigh)
Hannah Lyons (Balla, Co. Mhaigh Eo)

Na Píobaí:
Colm Broderick (Ceatharlach)
Eoin Orr (Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall)
Fiachra O’Regan (Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe/Québec Cheanada)
Jane Walls (An Muine Glas, Co. Aontroma)
Mícheál Fitgibbon (An Bhánóg, Co. Luimnigh)
Muireann Ní Shé (Béal Átha an Cheasaigh, Co. Chorcaí)
Peadar Giles (Droichead an Chláirín, Co. na Gaillimhe)

_________________________

Siblings Micheál and Gráinne Fitzgibbon from Co. Limerick will be amongst the competitors taking part in the final for the Seán Ó Riada Gold Medal which will be broadcast live from Baile Bhúirne, Co. Cork, on Friday 7 May at 7 pm.

This year, the competition is for harp and pipes, and there will be fifteen finalists in total, eight on harp and seven on pipes. It will be presented by Peadar Ó Riada live on his programme Cuireadh chun Ceoil.