De bharr obair riachtanach ar tharchuradóirí i mBaile Átha Cliath beidh seirbhísí raidió RTÉ uilig, Raidió na Gaeltachta san áireamh, imithe den aer ar feadh trí thréimhse (gach ceann acu uair a' chloig ar fhad) Dé Céadaoin, Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo 28 - 30 Aibreán 2021. Níl muid cinnte go díreach céard iad na hamanta atá i gceist.

Seans nach gcuirfidh sé seo isteach ar an gcraoladh do gach duine, braitheann sé ar an áit a bhfuil daoine lonnaithe agus cad as a bhfuil an comhartha raidió ag teacht dá réir.

Má tharlaíonn sé seo, is féidir leat bogadh go dtí an mhinicíocht 93.5 FM agus gheobhaidh tú ansin muid.