Dé Máirt 6 Aibreán 2021 ag 11 am, craolfar an clár faisnéise Ciúnas i gCeann Dubhrann: Scéal Scoil Rann na Feirste ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoi dhruid na scoile sin caoga bliain ó shin, agus an feachtas leis an scoil a oscailt arís.

Ba i 1970 a dhruid an rialtas Scoil Náisiúnta Rann na Feirste nuair a tháinig titim ar líon na ndaltaí sa scoil.  Rinneadh comhnascadh le Scoil Naomh Dubhaigh in Anagaire, ceantar a bhí an-difriúil san am go teangeolaíoch ó Ghaeltacht láidir Rann na Feirste.  Chothaigh sé seo scoilt mhór sa phobal, mar go raibh go leor daoine a shíl go raibh a gcearta á gceilt ar na páistí oideachas a fháil sa bhaile ina dteanga dúchais. 


Sa chlár Ciúnas i gCeann Dubhrann, gheobhaidh muid cur síos ar stair na scoile, a bunaíodh sa bhliain 1869, mar a rinne an rialtas an scoil a dhruid i dtús na seachtóidí, mar a ghoill sé ar an phobal, agus an feachtas a cuireadh ar bun chun an scoil a athoscailt.  Cloisfidh muid ábhar fíor-luachmhar cartlainne ó chainteoirí éagsúla, ina measc Bríd Bean Uí Bhaoill agus Dinnie Dhomhnaill Ó Domhnaill ó choiste na scoile ag cur síos ar mar a chuaigh siad go Baile Átha Cliath le casadh leis an Aire lena gcás a chur, agus Bhell Fheilimí 'ac Grianna ag cur síos ar a cuid cuimhní cinn scoile ó thús na fichiú haoise.

Beidh cur síos ar stair agus ar thábhacht na scoile againn ó Niall Mac Eachmharcaigh, Donnchadh Eddie Ó Duibheannaigh agus Joe Mhicí Jimmy Mac Grianna, agus cur síos ar Éire na laetha sin ó Michael Kirke, a bhí ina Chomhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Press sna seachtóidí.

Cloisfidh muid agallamh le Príomhoide na scoile sa lá atá inniu ann, Pól Ó Ruiséal, agus cuimhní cinn ó go leor iar-scoláirí, ina measc Tony Mac Ruairí agus Michelle Nic Grianna, ar aistrigh a muintir ar ais na bhaile go dtí an cheantar sna seachtóidí.   

_____________________________________

On Tuesday 6th April RTÉ Raidió na Gaeltachta will broadcast Ciúnas i gCeann Dubhrann: Scéal Scoil Rann na Feirste, a documentary about the turbulent history of Rann na Feirste national school.

An scoil sna caogaidí 

An Príomhoide Pói Ó Ruiséal

Scoil Náisiúnta Rann na Feirste ón aer