Tá Media Literacy Ireland, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltacht, ag eagrú seimineár ar líne Déardaoin 1 Aibreán ag 3 pm ar théama na bréagnuachta agus na faisnéise míchruinn mar chuid den bhfeachtas 'Bíodh tuiscint agat ar na meáin'. 

Bliain ó shin, nuair a tháinig an COVID-19 i réim ar fud an domhain, thagair an Dr Mike Ryan, Ceannasaí Chlár Éigeandála Sláinte an WHO, don bhaol a bhain leis an mhífhaisnéis nó an t-eolas míchruinn. 'Infodemic', a thug sé air.

Sa seimineár ar líne seo, atá saor in aisce don phobal ach gur gá clárú dó roimhré (nasc thíos), déanfar plé ar an téama seo go háirithe i bhfianaise COVID-19 agus an feachtas le vacsaín a dháileadh. 

Is í Máirín Ní Ghadhra a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an bplé, agus is iad an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin, Eoghan Ó Neachtain, Stiúrthóir Caidrimh Poiblí leis an gcomhlacht Heneghan PR, an tOllamh Cathal Seoighe, Ollamh le Bithfhaisnéis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus an Dr Mairéad Nic Giolla Mhíchíl ó Ollscoil Chathair BÁC, a bheas ar an bpainéal.

Déanfar plé ar an ábhar go mion - cad as a dtagann an t-eolas míchruinn, cé atá á scaipeadh, cén aidhm atá acu, agus céard iad na bealaí is fearr le dul i ngleic leis an bhfadhb.

Pléifear na dúshláin a bhíonn le sárú againn go léir le cinntiú go gcloímid leis an gcomhairle ‘Stop, Smaoinigh agus Seiceáil’ agus le cinntiú go bhfuil na foinsí eolais agus nuachta atá in úsáid againn cruinn agus iontaofa. 

Is féidir clárú don seimineár ag an nasc seo agus níl costas ar bith i gceist.  Beidh cead ag an bpobal ceisteanna a chur ar an bpainéal faoin ábhar le linn na díospóireachta.

Craolfar an díospóireacht ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Dhomhnach Cásca ag 10 am.

Labhair Máirín ar an gclár Iris Aniar faoin ócáid ar 26 Márta, is féidir éisteacht anseo.