Cailleadh Pádraig Ó hAoláin, iar-Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta agus gníomhaí pobail, ar 20 Márta, cailliúint mhór do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Craolfar dhá chlár ómóis dó as seo go ceann seachtaine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Bhíodh Pádraig le cloisteáil go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ina ról mar Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás, agus Dé Sathairn 27 Márta ar an gclár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ag 11 am déanfar athchraoladh ar an agallamh fada deireanach a rinne sé leis an stáisiún siar sa bhliain 2011, cúpla mí tar éis dó éirí as a chuid oibre.

San agallamh, labhair sé le Máirín Ní Ghadhra faoi na hathruithe móra a bhí feicthe aige sa Ghaeltacht agus ina shaol oibre le Gaeltarra, mar a bhí, agus ansin leis an Údarás Labhair sé faoina shaol agus a shaothar, na forbairtí a chonaic sé agus na dúshláin a bhraith sé a bhí roimh Údarás na Gaeltachta.  Faightear léargas san agallamh freisin ar an bhfear é féin.


Lena linn, rinne Pádraig Ó hAoláin an t-uafás oibre chun ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre a thabhairt chun cinn, agus tabharfar an obair mhór sin chun cuimhne in eagrán speisialta den chlár Iris Aniar in ómós dó a chraolfar an tseachtain seo chugainn.  Beidh cairde, iar-chomhghleacaithe agus daoine muinteartha leis i mbun comhrá le Fionnuala Uí Neachtain ar an gclár, agus fógrófar breis eolais faoi gclár sin an tseachtain seo chugainn. 

Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:

"Ceannaire pobail go smior ab ea Pádraig Ó hAoláin a rinne an t-uafás ar son na Gaeltachta, agus is mór an chailliúint dúinn é.  Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh lena bhean, lena chlann agus lena chairde. Ba mhór againn an tacaíocht a thug sé do RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcónaí, agus is cuí go mbeadh an t-aitheantas seo á thabhairt againn dó as an obair ollmhór a rinne sé ar feadh blianta fada chun an Ghaeltacht agus gach a bhain leis an gcultúr agus pobal a chur chun cinn.  Suaimhneas síoraí dó."

___________________________________

We will be broadcasting two programmes to honour the memory of Pádraig Ó hAoláin, former CEO of Údarás na Gaeltachta, who died on 20 March, during this coming week.  

On Saturday 27 March at 11 am on An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, we'll rebroadcast the last long interview with Pádraig on the station, from 2011.  There'll also be a special edition of Iris Aniar next week, details to follow.