Cuirfear tús le sraith nua den chlár ceoil Sruth na Maoile Dé hAoine 19 Feabhra ag 2.05 pm, sraith a taifeadadh agus na láithreoirí na céadta míle óna chéile. 

Is comhchraoladh le BBC Radio nan Gàidheal atá sa chlár seo, an comhchraoladh Ceilteach is faide ar bun ar domhan, agus go hiondúil déantar sraith amháin a thaifead in Éirinn, agus an chéad cheann eile in Albain.  Ní fhéadfaí é sin a dhéanamh an uair seo de bharr na srianta sláinte poiblí, agus b'éigean dul i muinín na teicneolaíochta.

Is iad Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig a chuireann Sruth na Maoile i láthair, clár dátheangach, agus cé go raibh taifead na sraithe seo beagáinín as a ngnáth, deir Seán gur chuidigh sé leo go mór go raibh aithne mhaith acu ar a chéile.

 "Murach an aithne atá agam fhéin agus ag Mairi Anna ar a chéile théis bheith ag obair le chéile le os cionn 26 bliain, ní éireodh linn an tsraith seo a thaifead ní dóigh liom."

"Tá an oiread céanna spéise againn sa chlár inniu is a bhí an chéad lá, agus ní raibh an oiread fonn riamh orainn tabhairt faoin tsraith agus a bhí i mbliana!  Ach a bhuíochas don taithí a bhí againn ar bheith ag láithriú  le chéile, agus úsáid na teicneolaíochta, bhí mise in ann a bheith i gCasla, Conamara agus Mairi Anna in Ardgour na nAlban ag taifead na sraithe mar a bheadh muid os comhair a chéile. Táimid ag baint fíor thaitneamh as an bpróiséas!"

Ar chuid acu siúd a bheas le cloisteáil sa tsraith nua, beidh Rachel Newton, Treasa Ní Mhiolláin, Rura, Eoin Ó Ceannabháin & Ultan O’Brien, Glenfinnan Cèilidh Band, Cruinne-Cè, Ceòlta, Niteworks feat. Julie Fowlis, Connie Mhary Mhicí, Tayside Young Fiddlers, Sinéad Healy, Patrick Street , Angus G. MacLeod,  agus neart eile. 

Beidh an clár le cloisteáil gach Aoine ag 2.05 pm, agus athchraoladh gach Déardaoin dár gcionn ag 7 pm.

Is féidir éisteacht leis an gclár ar an leathanach idirlín anseo .

___________________________
 

A new series of Irish and Scottish folk music programme Sruth na Maoile will start on Friday 19th February at 2.05 pm.

The award-winning radio programme is presented by musicians and broadcasters Seán Ó hÉanaigh and Mairi Anna Nic Ualraig, and this will be its 27th year on air.  It is the longest-running Celtic co-production in the world!

Current public health restrictions meant that the series had to be recorded with the presenters hundreds of miles apart – Seán in Connemara in Ireland, and Mairi Anna in Ardgour, Lochaber, in Scotland, but they managed, and even enjoyed the process! 

The new series will include music from Rachel Newton, Treasa Ní Mhiolláin, Rura, Eoin Ó Ceannabháin & Ultan O’Brien, Glenfinnan Cèilidh Band, Cruinne-Cè, Ceòlta, Niteworks feat. Julie Fowlis, Connie Mhary Mhicí, Tayside Young Fiddlers, Sinéad Healy, Patrick Street and Angus G. MacLeod, to name but some.

Tune in every Friday at 2.05 pm with a repeat airing at 7 pm on the following Thursday each week. 
You can listen back to the programme on the webpage here.