I ndúlaíocht an gheimhridh, agus muid uilig ag fanacht amach óna chéile, agus gan ach cúpla lá caite ó Blue Monday, an lá is lú sonais sa bhliain a deirtear, síleann Cian Ó Cíobháin go bhfuil sé thar am againn spórt agus spraoi a bheith againn arís mar sin beidh Cóisir Tí aige dúinn Dé hAoine 22 Eanáir ar ATT, óna thigh-se go dtí do thigh-se. 

Is é téama chóisir na míosa seo ceol meidhreach an tsamhraidh – agus tá Cian ag cuartú moltaí uaibh faoin rian is mó a chuireann laethanta fada, taitneamhach an tsamhraidh i gcuimhne daoibh? 

Cuir moltaí chuige ar na meáin shóisialta - Twitter, Instagram, Facebook nó att@rte.ie , agus tabhair cluas don chlár ó 10 pm go meánoíche ar 22 Eanáir.  
______________________________________

In the bleak midwinter, under another strict lockdown, Cian Ó Cíobháin  feels it's high time to let the good times roll again and to let some light into our lives with another ATT house party on Friday 22 January.  This month, he's asking:  what's your feelgood hit of the summer?

Share your suggestions via social media or att@rte.ie, and tune in on Friday from 10 pm to midnight.