De bharr cúrsaí sláinte poiblí, tá Craobh Bhonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo curtha ar athló.  Bhí an chraobh le bheith ar siúl in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh ar 5 Feabhra, ach de bharr chúrsaí sláinte poiblí agus treoirlínte an rialtais tá sé sin anois curtha ar athló go dtí 5 Bealtaine, go sealadach.

Tá comórtas na bliana seo dírithe ar phíobaí agus ar an gcruit, agus fógraíodh an 15 iomaitheoir a bheadh san iomaíocht sa chraobh ar an gclár Cuireadh chun Ceoil i mí na Nollag.  

Craolfar an chraobh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a bheas sé ar siúl.

Seo a leanas na ceoltóírí sa chraobh:
 

Jane Walls

Micheál Fitzgibbon

Fiachra O Ríogáin

Muireann Ní Shé

Eoin Orr

Peadar Gills

Colm Broderick

Éilís Needham

Gráinne Fitzgibbon

Emer Ní Scolaí

Alisha McMahon

Fionnuala Donlon

Hannah Lyons

Emma Benson

Donnchadh Mac Aodha

The final for this year's Seán Ó Riada Gold Medal competition has been postponed provisionally until the 5 May, due to the current public health situation.  The 15 finalists were announced in December, above, and the final was due to take place on 5 February.