Fágfaidh muid slán an tseachtain seo le duine de na craoltóirí is mó aithne sa stáisiún, Máirtín Tom Sheáinín.  Cuirfidh Máirtín a chlár deireanach Ardtráthnóna i láthair Dé Céadaoin agus é ag éirí as théis beagnach 31 bliain a chaitheamh ag obair leis an tseirbhís.  Beidh sé mar aoi speisialta ar an gclár Iris Aniar Dé hAoine, a dhéanfaidh ceiliúradh ar a shaol craoltóireachta.

Is as An Sruthán Buí i Leitir Caladh, Leitir Móir do Mháirtín, agus thosaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta go hoifigiúil ar 11 Nollaig 1989.  Chuir sé an clár Togha agus Rogha i láthair den chéad uair ar an lá sin, agus tá sé á chur i láthair ó shin.

Fuair Máirtín a chéad taithí raidió roinnt míonna roimhe sin, i samhradh na bliana 1989, nuair a d'iarr Meaití Jó Shéamuis air roinnt fonnadóirí a mhealladh le dhul ar an gclár Casadh an tSúgáin, fonnadóirí go háirithe nach raibh ar an raidió mórán go dtí sin, nó go raibh amhráin acu nach raibh craolta roimhe.  Rinne Máirtín amhlaidh, agus thaitin sé iontach leis.  Ba é Máirtín Ó Tuathail ó Bhaille na Cille an chéad duine ar labhair Máirtín Tom Sheáinín leo ar an raidió don tsraith sin Casadh an tSúgáin, agus tá sé i gceist aige píosa cartlainne le Máirtín a chasadh ar an Ardtráthnóna deireanach Dé Céadaoin. 

Is iomaí clár eile atá curtha i láthair ag Máirtín ó shin, cé go bhfuil sé aitheanta go mór go háirithe le Togha agus Rogha, Ardtráthnóna agus craoladh Chorn Uí Riada. 

Is craoltóir é Máirtín a bhfuil aithne agus cion ag na pobail Ghaeltachta thuaidh, theas, thiar agus thoir air agus is cinnte gur iomaí éisteoir a bheas uaigneach ina dhiaidh agus é ag críochnú leis an Raidió an tseachtain seo.

Tugaigí cluas don Ardtráthnóna deireanach mar sin Dé Céadaoin ag 2 pm ó Stiúideo 1 i gCasla, agus beidh sé mar aoi speisialta in eagrán faoi leith den chlár Iris Aniar Dé hAoine 6 Samhain ag 9.15 am a dhéanfaidh ceiliúradh ar a shaol craoltóireachta. 

________________________________

Máirtín Tom Sheáinín, the much-loved broadcaster, will retire from the station this week after 31 years of service.  He will present his final Ardtráthnóna programme on Wednesday at 2 pm, and he will be guest of honour on Iris Aniar on Friday at 9.15 am for a special programme to celebrate his broadcasting life.