Fógraíodh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ag searmanas fíorúil ar líne Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair, agus bronnadh ceithre ghradam ar chraoltóirí RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Buaic-Ghradam an Oireachtais ar Áine Ní Churráin, a d'éirigh as a cuid oibre leis an Raidió sa samhradh. 

Ba é an clár Adhmhaidin a ainmníodh mar Shraith Raidió na Bliana, fógraíodh go raibh Pearsa Raidió na Bliana ag dul chuig Áine Ní Bhreisleáin, bronnadh an gradam do Chraoltóir Solabhartha ar Helen Ní Shé, agus bhuaigh Máire Bríd Ní Chualáin an duais do Réalta Óg na Bliana.  

Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Leas Stiúrthóir an Oireachtais, a chuir an ócáid i láthair: 
"Déanaim comhghairdeas ó chroí le buaiteoirí uile na bliana seo.  Tá saothar thar na bearta, faoin choinníollacha diana, déanta ag lucht na cumarsáide Gaeilge le bliain anuas. Bhí siad linn i gcónaí, ar ár scáileáin, ar líne agus ar na haerthonnta agus táimid faoi chomaoin acu as seirbhís chumasach, chruthaitheach, tharraingteach a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta."

Bronnadh an gradam saoil, Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais, ar Áine Ní Churráin as 40 bliain de sheirbhís dhílis, dhícheallach le RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Dúirt Liam Ó Maoladha, Stiúrthóir an Oireachtais: 

"Tréaslaím ó chroí le hÁine Ní Churráin as an ngradam seo a bheith á bhronnadh uirthi i mbliana.  Craoltóir cumasach, a raibh sé sa mhianach aici scéal an phobail a insint agus tacú leis an bpobal áitiúil i gcónaí. Bhí an t-ádh linn oibriú le hÁine ag féilte Oireachtais agus ag féilte Pan Cheilteacha thar na mblianta agus tá sé tráthúil, agus Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais á bhronnadh uirthi, gur ag an Oireachtas i nGaoth Dobhair sa bhliain 1980 a rinne Áine a céad agallamh beo – agallamh a rinne sí leis an scríbhneoir aitheanta, Joe Steve Ó Neachtain. Guím gach rath uirthi sa todhchaí."

_________________________

RTÉ Raidió na Gaeltachta broadcasters took home four awards at the Gradaim Chumarsáide an Oireachtais Irish-language media awards on Wednesday night, which was held virtually.  Adhmhaidin won Radio Series of the Year, Áine Ní Bhreisleáin was named Presenter of the Year, Helen Ní Shé won for most eloquent presenter, and Máire Bríd Ní Chualáin was named Rising Star.  Former broadcaster Áine Ní Churráin was presented with a lifetime award for forty years of service.