Tá Peadar Ó Riada ag glacadh le hiarratais anois ó phíobairí agus ó chruitirí do chomórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo.  Is é Dé hAoine 16 Deireadh Fómhair 2020 an spriocdháta. 

Reáchtáiltear Bonn Óir Seán Ó Riada gach bliain tríd an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bíonn uirlis éagsúil i gceist gach bliain.  I mbliana, is iad na píobaí agus an chruit atá i gceist, agus piocfar buaiteoir amháin ar gach uirlis, agus beidh  duais €2500 agus Bonn Óir ag dul chucu beirt.

Le cur isteach ar an gcomórtas, caithfidh iarrthóirí 5 phíosa ceoil a thaifead, gan tionlacan, agus iad a íoslódáil chuig www.cuireadhchunceoil.ie faoin Aoine 16 Deireadh Fómhair.

Fógrófar an gearrliosta ag tús mhí na Nollag, agus tabharfar cuireadh do na ceoltóirí sin a bheith páirteach sa chraobh in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh Dé hAoine 5 Feabhra, a chraolfar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Peadar Ó Riada:
"Bhí an bhliain 2020 deacair dúinn ar fad le COVID, ach bhí rud éigin maith ann leis, sé sin go bhfuil mórán againn tar éis sos ón saol a thógaint orainn féin,  agus dul ag éisteacht le agus ag seinnt ceoil arís.  Tá an comórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada oscailte do gach aon ceoltóir sa domhan -- an clann fairsing a tharraing an COVID le chéile más maith leat.  Anois, agus sinn ag féachaint ar 2021, caoga bliain tar éis bháis Sheáin Uí Riada, táim ag súil go mór le teagmháil a dhéanamh lenár gcairde ceoil ar fuaid na cruinne tríd na aerthonnta, agus ceol a dhéanamh le chéile tríd an raidió agus an idirlíon isteach i gcistíní a chéile."

Ba iad Éanna Ó Cróinín as Ráth Cairn agus Úna Ní Fhlannagáin as Co. na Gaillimhe a thug leo na boinn óir ar na huirlisí seo an uair dheireanach go raibh an comórtas dírithe orthu sa bhliain 2017, agus ba í Jillian Ní Mháille a thug léi an bonn óir anuraidh ar an bhfeadóg mhór.

Is féidir breis eolais faoin gcomórtas a fháil ag www.cuireadhchunceoil.ie, agus is féidir cur isteach ar an gcomórtas tríd an suíomh sin freisin.

Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh na hurraitheoirí ar an gcomórtas.

__________________________________________

Pipers and harpers invited to enter Seán Ó Riada Gold Medal competition

The Seán Ó Riada Gold Medal competition is open to pipers and harpers this year, and competition organiser Peadar Ó Riada will be accepting entries from now until Friday 16 October.

The Bonn Óir Seán Ó Riada competition is organised every year by Peadar Ó Riada through his Cuireadh chun Ceoil music programme on RTÉ Raidió na Gaeltachta.  The winner receives the bespoke gold medal and a cash prize of €2500, and this year there will be two winners, one in each instrument category of pipes and harp.

To enter, musicians should record 5 pieces of music, without accompaniment, and upload them to www.cuireadhchunceoil.ie by the closing date of 16 October 2020.