skip to main content

Aimsir le dul chun brothaill ón Luan

2239635241
Teaspach ag teacht, a deir Met Éireann

"Aimsir an-mhaith ar fad" atá i ndán dúinn agus is chomh hard le 25 céim a bheas an teocht in áiteanna sa tír in amanna an tseachtain seo chugainn, dar le Met Éireann.

Ardbhrú ó lár na hEorpa a tharraingeos aneas chugainn ó thuaisceart na hAfraice aer níos teo a deir na meitéareolaithe is siocair leis an teaspach atá le teacht.

Mar sin féin, beidh sé rosamhach i gcaitheamh an deireadh seachtaine, scamallach fiú san iarthar, agus is thart ar 23 céim is airde a bheas an teocht.

Is i dtús na seachtaine seo chugainn a rachas an aimsir chun brothaill i ndáiríre agus is sa deisceart is teo a bheas sé.

B'fhéidir go mairfeadh an aimsir bhreá chomh fada le Déardaoin nó Dé hAoine ach níltear cinnte de sin fós.

Tá an dá bh'fhéidir ann, dar ndóigh, agus b'fhéidir chomh maith céanna go mbeadh sé ag biathú báistí Déardaoin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ