Tá cúig bliana príosúin gearrtha ar fhear as Baile Átha Cliath a phléadáil ciontach i dtiomáint chontúirteach ar bhásaigh lánúin phósta dá bharr agus i dteitheadh ó láthair na tubaiste cé go raibh a fhios aige go raibh daoine gortaithe aige.
Sin é John Halpin, 46 bliain d'aois, as Ascaill Bhaile an Fhaoitigh i mBaile Bhlainséir a ciontaíodh go minic cheana i gcionta tráchta bóthair, an uair dheireanach roimhe seo in 2011.
Maraíodh Georgina Hogg Moore, 39 bliain d'aois, agus a fear céile Anthony Hogg, 40 bliain, nuair a bhuail gluaisteán John Halpin iad in aice le hIonad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir Lá Fhéile Stiofáin 2024.
Bhí beirt pháistí ag an lánúin.
Gearradh trí bliana príosúin ar fionraí ar pháirtí John Halpin, Nicole Fallon, 35 bliain, as cuidiú leis bac a chur ar a ghabháil.
Ciontaíodh ise freisin sna cúirteanna cheana i gcionta tráchta bóthair agus a ndearna sí cuid acu tar éis Lá Fhéile Stiofáin 2024.
Agus é ag gearradh pionóis ar Nicole Fallon, dúirt an Breitheamh Martin Nolan go gcaithfeadh sé cur san áireamh go raibh ceathrar leanbh faoi shé bliana d'aois aici.
Bhí iníon mhuintir Hogg, Becky Joy Hogg, in éindí leo nuair a maraíodh iad agus gortaíodh í nuair a bhuail gluaisteán John Halpin í.
Dúirt sí gur daoine uaisle ab ea a muintir. Croí na féile a bhí iontu, a dúirt sí, a thugadh daoine sa chomharsanacht le chéile aimsir scoraíochta.
"Arracht" is ea John Halpin le hais a muintire, arsa sí, agus thug sí le fios nach féidir léi an t-uafás a tharla an lá úd a chur as a ceann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ