Gearrfar pianbhreith ar iar-mhúinteoir matamaitice an tseachtain seo chugainn as ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar ochtar buachaillí sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
Bhí Peter Kelly ag obair i mbunscoil príobháideach de chuid Ord Eaglasta na Spioradánach i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ag an am.
Bhí sé ag obair mar mhúinteoir matamaitice i Scoil Pháirc na Sailí sa Charraig Dhúbh ar feadh nach mór 30 bliain.
Fuair giúiré Peter Kelly atá 73 bliain d'aois anois ciontach i 28 cúis d'ionsaí mígheanasach níos luaithe i mbliana.
Gearrfar pianbhreith air an tseachtain seo chugainn.