Tá 128 Garda sa Gharda Síochána chun taser a fháil mar chuid do scéim phíolótach nua.
Is i mBaile Átha Cliath Láir, Port Láirge agus Cill Chainnigh a bheidh an scéim ar bun i dtús ama.
6 mhí a rithfidh an plean agus beidh na gléasanna in usáid ag 128 ball don bhfórsa.
Faoin scéim ní bheidh ach Gardaí a bhfuil ceamara colainne á chaitheamh acu in ann taser a úsáid.
Tá an plean cáinte ag an gComhairle um Chearta an Duine. Deir siad go léiríonn fianaise idirnáisiúnta gur níos measa a d'fhéadfadh cás a bheith agus taser á usáid ag Gardaí go háirithe dá mbeadh fadbhanna meabhairshláinte ag duine.
Deir lucht tacaíochta an togra gur ionsaíodh ar an meán, nach mór 300 Gardaí gach bliain idir 2014 agus 2024.