Tá bratach na Palaistíne ar foluain os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste.
Ag cruinniú a reáchtáladh tráthnóna inné, vótáil comhairleoirí i bhfábhar rúin chun bratach na Palaistíne a chur ar foluain os cionn Halla na Cathrach.
Votáil 32 comhairleoir i bhfábhar an rúin a bhí rite ag Sinn Féin. 28 a vótáil ina choinne.
Níor éirigh le leasú a bhí déanta ag páirtí na comhghuaillíochta go gcuirfí soilse le dathanna na Palaistíne ar Halla na Cathrach i Mí Eanáir in áit na brataí a chur in airde.
Tá Comhairleoirí Aontachtacha ag lorg cead chun cás dlí a thógaint in aghaidh an chinnidh agus an bhratach a bhaint anuas.