skip to main content

Anois nó riamh é do Heimir i Budapest

Seamus Coleman, é buíoch beannachtach ar deiridh aréir
Seamus Coleman, é buíoch beannachtach ar deiridh aréir

I ndiaidh bhua drámatúil na hoíche areir i Staid an Aviva i mBaile Átha Cliath is é an Domhnach anois uair na cinniúna do imreoirí sacair Phoblacht na hÉireann thall i Budapest san Ungáir.

Má bhuaileann buachaillí Heimir Hallgrimsson an fhoireann baile beidh deis acu fós cáiliú do Chorn an Domhain i Meiriceá an bhliain seo chugainn.

Ach ní haon mhaith dóibh an chailliúint nó an comhscór.

Sa gcás is go mbuann Poblacht na hÉireann ar an Ungáir beidh siad i gcluiche cáilithe ansin os rud é gur sa dara háit sa ghrúpa a chríochnóidh siad.

Cáileoidh an Phortaingéil scun scan os rud é go gcríochnóidh siadsan ar bharr an ghrúpa.

Sin ainneoin gur buaileadh aréir iad i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann ag déanamh éachta ag buachan an chluiche 2-0 a bhuíochas cuid mhór don naoscaire Troy Parrot.

Is beag súil a bhí leis an toradh ach d'fhág sé lucht leanúna na hÉireann ag ceiliúradh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.

Beidh cluiche an Domhnaigh le feiceáil beo ar Stáisiún RTÉ2 agus ar sheinnteoir RTÉ.

Is féidir éisteacht leis ar RTÉ Raidió 1.

Tosóidh an craoladh ó 1330.