Tá beirt fhear gafa in Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Baineann sé le gadaíocht san aerfort agus luach suas le beagnach 6,000 euro d'earraí ardluach saor ó dhleacht a bheith scuabtha chun siúil in imeacht thrí huaire a chloig.
Creideann gardaí gur anall go speisialta ó Shasana a tháinig na fir leis an ghadaíocht a dhéanamh.
Níor fhág siad an t-aerfort ar chor ar bith i ndiaidh dá n-eitleán tuirlingt.
Bhí ticéid fillte acu chuig aerfort difriúil i Londain, seachas an chinn a bhí siad i ndiaidh a fhágáil.
Bhí cása folamh á iompar freisin ag duine díobh.
Cuireadh na gardaí ar an eolas le linn na gadaíochta, choinnigh siad faire ar obair na bhfear agus ghabh siad iad agus iad ar tí an tír a fhágáil arís.
Tuigtear go dtiocfaidh na fir, duine sna daicheadaí agus an duine eile sna caogadaí os comhair na cúirte níos deireanaí inniu.