Tá Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump ag bagairt dlí ar stáisiún craolta an BBC.
Deir dlíodóirí an uachtaráin go mbeidh míle milliún dollar i gceist leis an gcás dlí mura dtarraingíonn an stáisiún siar clár faisnéis Panorama dá chuid roimh an 14Samhain.
Sin Dé hAoine seo chugainn.
Sheol Donald Trump trína dhlíodóirí litir chuig an BBC inné inar ghlac sé col leis an eagarthóireacht a rinneadh ar chuid d'óráid a rinne sé agus a craoladh ar chlár Panorama anuraidh.
Bhain an óráid leis an tréimhse chinniúnach in Eanáir na bliana 2021, tráth a dtáinig Capitol Hill faoi ionsaí ó lucht agóide.
Dúirt urlabhraí ón BBC go ndéanfaí athbhreithniú ar an litir seo ón Uasal Trump agus go seolfaí freagra in am tráth.
Tá leithscéal gafa ag Cathaoirleach an BBC Sameer Samir Shah faoin 'earráid breithiúnais' mar a thug sé air.
Tá beirt fheidhmeannach sinsearacha sa BBC i ndiaidh éirí as a bpostanna de bharr na conspóide seo, an tArd Stiúrthóir Tim Davie san áireamh.