skip to main content

Fear cúisithe i ndúmharú Lee Slattery i Luimneach in 2010

Dúnmharaíodh Lee Slattery in 2010
Dúnmharaíodh Lee Slattery in 2010

Tugadh fear 32 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Luimnigh inniu agus é cúisithe i bhfear a dhúnmharú sa chathair cúig bliana déag ó shin.

Fuarthas corp Lee Slattery, a bhí 25 bliain d'aois, ar eastát Theach Delmege gar do Mhaigh Rois i dtuaisceart na cathrach i mí na Bealtaine 2010.

Is é Kurt Ryan as Páirc Chlíona i Maigh Rois an té atá cúisithe ina dhúnmharú.

Tugadh le fios sa chúirt inniu nach ndúirt Kurt Ryan aon ní nuair a cuireadh an cion ina leith.

Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil agus tabharfar é os comhair na cúirte arís ar nasc físe Dé Máirt seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ