skip to main content

Tá an damhsóir Michael Flatley le hainmniúchán a lorg le seasamh sa toghchán uachtaránachta níos deireanaí i mbliana

Cuireadh mionnscribhínn faoi bhráid na hArd-Chúirte inniu ina léirítear go bhfuil sé i gceist ag Michael Flatley filleadh ar Éirinn chun ainmniúchán a lorg don toghchán uachtaránachta.
Cuireadh mionnscribhínn faoi bhráid na hArd-Chúirte inniu ina léirítear go bhfuil sé i gceist ag Michael Flatley filleadh ar Éirinn chun ainmniúchán a lorg don toghchán uachtaránachta.

Tá réalt na seóanna Riverdance agus Lord of the Dance, Michael Flatley, le hainmniúchán a lorg le seasamh sa toghchán uachtaránachta níos deireanaí i mbliana, a dúirt abhcóide ar a shon san Ard-Chúirt inniu. Tá cás os comhair na cúirte sin i láthair na huaire maidir le hobair tógála a rinneadh ar theach an damhsóra i gCarraig an Éidigh i gContae Chorcaigh.

Chuir an t-abhcóide Ronnie Hudson in iúl don chúirt inniu go bhfuil athrú le teacht ar chúinsí pearsanta Michael Flatley, atá le bogadh ar ais go hÉirinn sa choicís amach romhainn. Beidh sé ag teacht ar ais, a dúirt sé, le hainmniúchán a lorg le seasamh sa toghchán uachtaránachta. Tá cónaí ar Michael Flatley in Monacó faoi láthair.

Cuireadh mionnscribhínn faoi bhráid na cúirte, atá sínithe ag an Uasal Flatley agus ag a dhlíodóir, Maxwell Mooney, a léiríonn go bhfuil sé i gceist aige an t-ainmniúchán a lorg.

Tá cás cúirte tógtha ag réalt na seónna Riverdance (thuas le Jean Butler) agus Lord of the Dance
i gcoinne an chomhlachta tógála a rinne athchóiriú ar a theach i gCarraig an Éidigh

An tseachtain seo caite, thug an damhsóir leid go lorgódh sé ainmniúchán, ach thug sé le fios ag an am nach raibh aon chinneadh déanta aige go fóill.

Tiocfaidh téarma Uachtarán Michael D. Higgins chun críche ar 11 Samhain agus caithfear an toghchán uachtaránachta a reáchtáil le linn na seasca lá roimhe sin. Tá súil go dtarlóidh an toghchán uair éigin i mí Dheireadh Fómhair. Is saoránach de chuid na hÉireann é Michael Flatley, cé gur rugadh in Chicago é. Mar sin, tá sé de chead aige seasamh.

President Michael D Higgins speaking
Tiocfaidh téarma Uachtarán Michael D. Higgins chun críche ar 11 Samhain.
Tá súil go reáchtálfar an toghchán uachtaránachta uair éigin i mí Dheireadh Fómhair

Le seasamh sa toghchán, caithfidh iarrthóir ainmniúchán a fháil ó 20 Teachta Dála, ar a laghad, nó ó cheithre húdarás áitiúil.

Go dtí seo, tá go leor tacaíochta faighte ag beirt le seasamh sa toghchán; an tIar-Choimisinéir Eorpach, Mairéad McGuinness, a sheasfaidh ar son Fhine Gael agus Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách a sheasfaidh ar son na heite clé.

Tá leideanna tugtha ag iarrthóirí eile freisin go bhfuil sé i gceist acu ainmniúchán a lorg, mar shampla, an trodaí MMA Conor McGregor, go bhfuil cáineadh déanta aige ar pholasaithe inimirce an rialtais.

Baineann an cás maidir le teach Michael Flatley i gCarraig an Éidigh le hathchóiriú a rinneadh air i ndiaidh tine i 2016. Deir Michael Flatley gurbh éigean dó féin agus a theaghlach an teach a fhágáil mar go bhfuarthas ceimiceán nimhiúil ann i ndiaidh d'obair na dtógálaithe teacht chun críche. Tá an cás tógtha ag Michael Flatley i gcoinne an chomhlachta tógála.

Tá cónaí ar Michael Flatley faoi láthair in Monacó. Deir sé go bhfuil sé ansin mar nach féidir lena theaghlach cónaí sa teach i gCarraig an Éidigh i bhfianaise drochbhail a bheith air.