Tá deireadh leis an athbhreithniú a bhí ar bun ag Biúró um Sheirbhísí Cosanta Náisiúnta an Gharda Síochána faoi chomhad a bhain leis an gcéad fhiosrúchán a rinneadh faoi iar-Easpag na Gaillimhe, an Dochtúir Eamonn Casey.
Deirtear san athbhreithniú nach gá aon fhiosrúchán eile a dhéanamh de réir gach fianaise atá bailithe.
Ba inné a d'fhógair oifig Dheoise na Gaillimhe go raibh taisí an iar-easpaig Chaitliceach tógtha amach as an Ard-Eaglais ansin, áit a raibh a chorp in uaimh ansin ó 2017.
Níltear cinnte cén uair go baileach a aistríodh taisí an iar-easpaig ach dhearbhaigh an ráiteas go bhfuil sé anois i seilbh a mhuintire.
Bliain ó shin a tháinig líomhaintí i dtaca le coireanna gnéis chun solais faoi Eamonn Casey.
I bhfianaise ar tháinig chun cinn i gclár faisnéise a craoladh ar RTÉ shocraigh Coimisinéir an Gharda Síochána go scrúdófaí an bun-chód i dtaca leis an bhfiosrúchán faoina líomhaintí.
Shéan Eamonn Casey i gcónaí na líomhaintí seo a cuireadh ina leith.