skip to main content

Flatley.Níl sé cinnte fós ach 'b'fhéidir'

Michael Flatley ag smaoineamh ar rith don uachtaránacht
Michael Flatley ag smaoineamh ar rith don uachtaránacht

Tá sé ráite ag an iar-dhamhsóir aitheanta,Michael Flatley go mba fhéidir go mbeadh sé ina iarrthóir fós i dtoghchán na hUachtaránachta.

Thug sé an méid seo le fios agus é faoi agallamh ar an gclár 'Brendan O'Connor Show' ar RTÉ Raidió 1 ar maidin.

Dúirt an fear gnó, a bhfuil cáil dhomhanda amach a bhuíochas do na seónna 'Riverdance' agus 'Lord of the Dance' gur tháinig a lán daoine chuige ag fiosrú an mbeadh suim aige dul san iomaíocht.

Is i mí Dheireadh Fómhair síltear a ghabhfaidh an pobal i mbun vótála sa toghchán seo chun duine a cheapadh le teacht i gcomharbacht ar Mhichael D Higgins.

Caithfidh iarrthóir a bheith roghnaithe faoin 11Samhain mar go mbeidh Michael D éirithe as ar an lá sin.

Tá beirt dearbhaithe don rás cheana féin.

Is iad sin an Teachta Dála Catherine Connolly, iarrthóir le tacaíocht na heite chlé agus an Feisire Eorpach, Mairéad McGuinness, atá roghnaithe ag Fine Gael.