skip to main content

Taisí Eamon Casey tógtha amach as Ard-Eaglais na Gaillimhe

Iar-Easpag Caitliceach na Gaillimhe,Eamonn Casey
Iar-Easpag Caitliceach na Gaillimhe,Eamonn Casey

Tá taisí iar-Easpag Caitliceach na Gaillimhe,Eamonn Casey tógtha amach as Ard-Eaglais na Gaillimhe.

D'fhógair Deoise na Gaillimhe an méid sin i ráiteas ar maidin.

Níltear cinnte cén uair go baileach a aistríodh taisí an iar-easpaig ach dhearbhaigh an ráiteas go bhfuil sé anois i seilbh a mhuintire.

Bliain ó shin a tháinig líomhaintí chun solais ó neacht de chuid Eamonn Casey.

Dúirt Patricia O'Donovan in agallamh le RTÉ gur éignigh an t-iar easpag í den chéad uair in aois a 5 bliana agus gur lean an mhí-úsáid ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

Bhí sé seo uilig mar chuid de chlár a rinne an craoltóir i dtaca leis an mbealach ar dhéileáil an Eaglais Chaitliceach le líomhaintí faoi choireanna gnéis i gcoinne an Dochtúra Casey.

Léiríodh sa chlár gur ghníomhaigh an Vatacáin go foirmeálta i gcoinne Eamonn Casey i 2007 nuair a dhiúltaigh siad dó aon chúram bainteach le ministreacht phoiblí a ghlacadh air féin.

Bhí suas le 1600 duine a d'fhreastal ar shochriad Eamonn Casey i 2017.

Adhlacadh é in uaimh faoi thalamh Ard-Eaglais na Gaillimhe, rud a chuir taom feirge ar chuid mhaith daoine i bhfianaise na líomhaintí a bhí tagtha chun solais.