Theip ar níos mó ná leath de na 1,400 dabhach shéarachais tí, a ndearna údaráis áitiúla cigireacht orthu, cloí leis na caighdeáin riachtanacha.
Dúirt an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) gur cúis imní é, mar go gcuireann sé sábháilteacht na ndaoine agus an timpeallacht i mbaol.
Tá an EPA ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla an cur i bhfeidhm ar na caighdeáin a fheabhsú agus a bhuanú.
Tá beagnach 500,000 dabhach séarachais in Éirinn agus feistítear iad i dtithe nach bhfuil ceangailte den gcóras séarachais poiblí, le go ndéanfaí cóireáil ar fhuailluisce tí ar an láthair.
Ach, de réir na tuarascála ar chigireachtaí fuíolluisce tí nach bhfuil caoi cheart ar go leor de na dabhcha agus go bhfuil contúirt ann don tsláinte phoiblí agus an timpeallacht.
I measc na lochtanna ba choitianta bhí drochchothabháil, gan na dabhcha a fholúsú, sceitheadh eisiltigh i srutháin nó claítheacha agus carnadh eisiltigh.
D'fhéadfadh an t-uisce tí a bheith truaillithe le baictéir agus víris mar gheall ar dhabhach lochtach.
Is féidir le séarachais dochar a dhéanamh má thagann sé aníos i ngairdíní nó má shníonn sé isteach i gclaítheacha nó i srutháin.
Freisin, is féidir le ró-scaoileadh nítrigine agus fosfair truailliú a dhéanamh sna huiscebhealaí.
Má theipeann ar chigireacht, tugann an t-údarás áitiúil eolas do na húinéirí tí cén chaoi an fhadhb a réiteach agus tugtar eolas dóibh faoi dheontas suas le €12,000 atá ar fáil.
I 2024, bronnadh 265 deontas le meánmhéid de thart ar €9,400.
Dúirt Micheál Kehoe ó MK Environmental Solutions go bhfuil ort fanacht sé nó seacht seachtaine ó dhéantar an t-iarratas go dtí go bhfaightear an t-airgead ar ais ón gComhairle, ach gur córas iontach é tríd is tríd.
In ainneoin seo, bhí 523 fógra comhairleach fós oscailte ag deireadh 2024, rud a thugann le fios nach bhfuil na fadhbanna ceartaithe fós.
Chomh maith leis sin, mar thoradh ar ardú 17% ar líon na gcigireachtaí idir 2023 agus 2024, tháinig ardú 24% ar an ráta teipe.
Tugann sé seo le fios go bhféadfadh cigireacht níos cuimsithí caighdeáin níos ísle a nochtadh.
Dúirt Bainisteoir Cláir an EPA, Noel Byrne, go bhfuil trí rud shimplí ann go bhfuil daoine in ann a dhéanamh.
Dúirt sé go caithfidh úinéirí tí dul amach sa ghairdín agus seiceáil thart timpeall an dabhach shéarachais an bhfuil aon fadhb ann, an dabhaigh a fholúsú gach trí nó ceithre bliana, agus tobar uisce óil a chur faoi thástáil uair sa bhliain.
Luaigh sé freisin gur minic a thagann teipeanna ó dhá phríomhfhoinse: fadhbanna tógála cosúil le scoilteanna nó sceitheadh, agus fadhbanna cothabhála – mar shampla nach mbíonn na dabhaigh folúsaithe gach trí nó ceithre bliana már ba chóir.
Taispeánann figiúirí oifigiúla nach raibh 18% de na dabhcha ar theip orthu sa chigireacht le deich mbliana anuas réitithe faoi dheireadh na bliana seo caite.
Dúirt an Dr Micheál Lehane, Stiúrthóir Oifig um Chosaint Raideolaíochta agus Monatóireacht Chomhshaoil an EPA, go bhfuil an líon fógraí gan réiteach "ró-ard agus do-ghlactha", agus d’iarr sé ar na húdaráis áitiúla níos mó gnímh a dhéanamh agus bearta dlí a chur i bhfeidhm nuair is gá.