skip to main content

Sos 90 lá aontaithe agus taraifí le laghdú go dtí 10%

Jamieson Greer, Ionadaí Tráchtála Mheiriceá, agus an tAire Airgeadais Scott Bessent ag labhairt sa nGinéiv.
Jamieson Greer, Ionadaí Tráchtála Mheiriceá, agus an tAire Airgeadais Scott Bessent ag labhairt sa nGinéiv.

Tá margadh déanta idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tSín le taraifí cómhalartacha a ghearradh go sealadach le súil clabhsúr a chur ar aighneas tráchtála idir an 2 gheilleagar is mó ar domhan atá tar éis cíor thuathail a tharraingt ar na stocmhalartáin agus na margaí airgid agus ar phleanáil eacnamúil ar fud na cruinne.

Tá "sos 90 lá aontaithe" a dúirt Aire Airgeadais Mheiriceá Scott Bessent tar éis chomhráití le feidhmeannaigh de chuid na Síne sa nGinéiv.

Laghdófar taraifí ó bhreis is 100% a dúirt Bessent go dtí 10%.

Calafort Shanghai

"Bhí trádbhac ar na bacáin de bharr na dtaraifí" a dúirt an tAire "rud nach bhfuil ó cheachtar taobh. Tá muid ag iarraidh a bheith i mbun tráchtála le chéile."

B'iad na cainteanna sa nGinéiv le 2 lá anuas an chéad idirbheartaíocht dhíreach idir lucht sínsearach Rialtais de chuid an 2 Ollchumhacht ó tháinig an tUachtarán Trump i réim arís ag tús na bliana agus ó thug sé faoi rois dleachtanna agus táillí go domhanda, pionóis an-trom ina measc ar earraí de chuid na Síne.

Ó mhí Eanáir tá 145% de chostas sa mbreis curtha ag Réimeas Trump ar ealmhuiriú ábhair as an tSín, i dteannta na dtáillí a bhí gearrtha ag Donald Trump ina chéad thréimhse sa Teach Bán agus ag an Uachtarán Biden idir an dá linn.

An LeasPhríomhaire He Lifeng

Mar fhreagra le ráithe bhí an tSín tar éis bac a chur ar mhianraí tearc-chré a dhíol le Meiriceá - bunábhar riachtanach ag cuideachtaí sna Stáit Aontaithe a bhíonn ag táirgeadh armlóin agus earraí leictreonacha - agus bhí 125% de tharaifí á ngearradh acu ar earraí anall as Meiriceá.

Ó thosaigh an t-achrann tá stad curtha ar luach $600 billiún tráchtála idir an 2 thír, dochar déanta do ghréasáin soláthair, daoine ligthe chun siúil agus imní go forleathan faoi bhoilsciú gan borradh geilleagair.

Dúirt LeasPhríomhaire na Síne He Lifeng go raibh na comhráití "neamhbhalbh, cuimsitheach agus fiúntach" agus gur baineadh amach "gabháil chun cinn suntasach agus comhaontú tábhachtach."