San ArdChúirt inniu, dúirt iarcheannaire Shinn Féin, Gerry Adams, nárbh eisean an t-oifigeach sinsearach de chuid Bhriogáid Iarthar Bhéal Feirste an IRA a ndearnadh tagairtí dó i miontuairiscí cruinnithe le hoifigigh de chuid rialtas na Breataine sa bhliain 1972.
Shéan sé go ndearna sé ionadaíocht ar an IRA le linn na gcruinnithe sin agus dúirt sé nach mbeadh sé sásta plé a dhéanamh ar "thuairimí" faoi cén daoine a bhí san IRA - nó cé a bhí i gceannas ar an IRA – in iarthar Bhéal Feirste i 1972, nó ag aon am eile.
Bhí croscheistiú á dhéanamh ar an Uasal Adams don tarna lá san Ard-Chúirte sa chás clúmhillte atá a thógáil aige i gcoinne an BBC.
Tá sé curtha i leith an BBC aige go ndearnadh clúmhilleadh air sa chlár de chuid Spotlight – a craoladh i 2016 – agus san alt ar líne a bunaíodh ar an gclár, nuair a tugadh le fios gurbh é an tUasal Adams a d'ordaigh marú iaroifigeach sinsearach de chuid Shinn Féin, Denis Donaldson.
Lámhachadh agus maraíodh Denis Donaldson sa bhliain 2006, roinnt míonna i ndiaidh dó a admháil gur ghníomhaigh sé mar bhradadóir leis na poilíní agus le M15 ar feadh breis agus scór bliain.
dó a admháil gur ghníomhaigh sé mar bhradadóir leis na poilíní agus le M15
Tá sé séanta ag an Uasal Adams go raibh aon bhaint aige leis an marú.
Chuir an t-abhcóide sinsearach, ar son an BBC, ceist ar an Uasal Adams, an bhfuil a fhios aige cé a bhí i gceannas ar Bhriogáid Iarthar Bhéal Feirste an IRA sa bhliain 1972.
"Tá an tIRA imithe", a d’fhreagair Gerry Adams. Agus dhiúltaigh sé páirt a ghlacadh "i dtuairimíocht" maidir le ceannasaíocht na heagraíochta nó maidir leis na baill a bhí ann.
Cuireadh an cheist ar Gerry Adams, agus d’fhreagair sé ar deireadh, "sin é a freagra a gheobhaidh tú uaim."
Shéan Gerry Adams freisin gurbh eisean an t-oifigeach sinsearach de chuid an IRA a scaoileadh saor ón géibheann le páirt a ghlacadh i gcainteanna chun sos cogaidh a phlé.