skip to main content

Teocht chomh hard le 20 céim inniu, 21 céim amárach

Uain ghoradh gréine ar fud na tíre
Uain ghoradh gréine ar fud na tíre

Tá idir theaspach agus thriomach geallta ar fud na tíre as seo go ceann cúpla lá – teaspach de réir Met Éireann agus triomach de réir Uisce Éireann – agus deirtear go mbeidh an teocht chomh hard le 20 céim inniu agus 21 céim amárach.

Dúirt Gerry Murphy ó Met Éireann gur taifeadadh an teocht is airde go nuige seo i mbliana i gCo Mhaigh Eo inné, áit a raibh sé chomh hard le 20.2 céim ar feadh scaithimh.

Is in iarthar na tíre is brothallaí a bheas sé arís inniu, arsa an meitéareolaí.

Thug sé le fios freisin go dtitfidh an teocht de réir a chéile ón Aoine beag seo i leith agus dúirt gur thart ar thrí chéim déag ar an meán a bheas sé an tseachtain seo chugainn.

Lus Buí Bealtaine faoi bhláth san Aibreán

Sin an teaspach ... agus mar leis an triomach tá Uisce Éireann ag achainí ar an bpobal a bheith spárálach agus uisce a chaomhnú.

Tar éis nach bhfuil ann ach nádúr an duine níos mó uisce a ól in aimsir the, a deir an comhlacht, ní mór do dhaoine cuimhneamh orthu féin sula níonn siad a ngluaisteáin, cuir i gcás, lena chinntiu go mbeidh dóthain uisce ann i gcaitheamh an tsamhraidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ