skip to main content

Stangadh bainte as stocmhargaí na cruinne agus caint ar chúlú domhanda

"Leigheas" a deir trump iad na taraifí
"Leigheas" a deir trump iad na taraifí

Tá luach ollmhór caillte ag stocmhargaí ar fud na cruinne leis an imní agus doiléire atá ann faoi na taraifí ar onnmhairiú chuig na Stáit Aontaithe atá feidhmithe ag an Uachtarán Trump.

Thit margaí na hEorpa go tubaisteach ar maidin agus caint go tréan ar chúlú ar an ngeilleagar leis na taraifí atá ngearradh ón tseachtain seo caite.

Ní léir go bhfuil Donald Trump ag brath ar seasamh siar ó phlean níos forleithne fós cé go bhfuil an tSín tar éis táillí nua a ghearradh ar ábhar as Meiriceá mar fhreagra ar an Uachtarán, agus anois tá lucht infheistíochta ag cur airgead mór go ngearrfar rátaí na mbanc ceannais, an Cúlchiste Feidearálach nó Federal Reserve i Meiriceá agus Banc Ceannais na hEorpa.

Stocmhargadh Taipei inniu

Tá an euro neartaithe in aghaidh an dollar, agus tóir go tréan freisin ar an yen agus franc na hEilvéise.

I dtráchtáil scaireanna luath sa lá, ag tarraingt ar mheánlae, bhí 5.2% dá luach caillte ag an FTSE i Londain, 5.9% caillte ag an CAC i bPáras agus 6.5% de laghdú ar an DAX i Frankfurt.

Chaill an ISEQ i mBaile Átha Cliath 5.1% dá luach. Thit Kingspan 7%, Uniphar 6% agus AIB agus Banc na hÉireann beagnach 6%.

Tuairt freisin a bhí i gceist ar feadh an lae san díol agus ceannacht sa gCianOirthear.

Chaill an Nikkei i Tóiceo 7.8% faoin am gur stad an tráchtáil agus tháinig 13.2% de laghdú ar an Hang Seng i Hong Cong, an lá ba mheasa tráchtála ar an margadh siúd le beagnach 30 bliain.

Amach sa lá atá an cheird in ainm is tosaí arís ar Wall Street tar éis díol tréan na hAoine nuair a glanadh 5% de luach na gcuideachtaí a bhfuil scaireanna ar na margaí acu, ainneoin figiúirí maithe fostaíochta i Meiriceá.

Tá an billiúnaí Bill Ackman, bainisteoir cistí stocmhalartáin, a sheas go tréan le Trump agus é i mbun feachtais toghchánaíochta, tar éis a rá gur cheart stad a chur leis na taraifí le "geimhreadh núicléach geilleagair" a sheachaint.

"Tá misneach á chailleadh san Uachtarán ag cinnirí gnó go domhanda" arsa Ackman.

"Is ríléir nach cuidiú é agus an tír agus an tUachtarán i mbun idirbheartaíochta, má tá an tóin ag titim as margadh sin againn féin".

An tUachtarán Trump ag filleadh ar Washington DC

Ach tá fainic curtha ag Donald Trump ar rialtaisí go domhanda go mbeidh orthu "go leor airgid" a íoc le fáil réidh leis na taraifí, agus dúirt sé gur "leigheas" a bhí sna dleachtanna nua.

Tá lucht infheistíochta tar éis na trilliúin dollar den luach a bhí ar a gcuid scaireanna a chailleadh, tá praghasanna le n-ardú, éileamh le maolú agus imní faoi chúlú domhanda.

Ar bord Air Force One a bhí an tUachtarán, tar éis deireadh seachtaine ag galfáil i Florida, nuair a dúirt sé le tuairisceoirí "Níl mé ag iarraidh go n-ísleodh rud ar bith ach caithfidh tú leigheas a thógáil scaití le caoi a chur ar rud."

Dúirt Trump gur labhair sé le dhá lá le cinnirí san Eoraip agus san Áis atá ag iarraidh air na taraifí a laghdú.

"Tá siad ag teacht chun boird. Tá siad ag iarraidh caint, ach ní bheidh aon chaint ann muna n-íocfaidh siad go leor airgid linn, go bliantúil".