Tá Sinn Féin ag éileamh ar an gCeann Comhairle Verona Murphy éirí as a post faoi dheireadh na seachtaine seo i bhfianaise na conspóide faoi chearta labhartha i nDáil Éireann.
É sin, arsa Príomh-Aoire Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn, nó cuirfidh an freasúra rún mímhuiníne inti os comhair na Dála.
Baineann an scéal leis an vóta a caitheadh sa Dáil inné ar mholadh an Rialtais cearta labhartha a thabhairt do Theachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach a thacaíonn leis an Rialtas.
Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta agus Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht, creideann na páirtithe sin ar fad nach féidir leis na Teachtaí sin tacú leis an Rialtas agus cearta freasúra a bheith acu ag an am céanna.
Is é a meá go ndeachaigh Verona Murphy i bpáirt an Rialtais nuair a cheadaigh sí an vóta inné.
Dar leo nach bhfuil aon rogha ag Verona Murphy ach éirí as mar Cheann Comhairle mar go ndearna sí forshárú ar rialacha na Dála nuair a chuaigh sí chun cinn leis an vóta in aghaidh thoil an fhreasúra.
Sa Dáil inniu, dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik nár chuir Verona Murphy na rialacha i bhfeidhm mar ba chóir. Cian O'Callaghan ó na Daonlathaithe Sóisialta agus Ruth Coppinger ó Phobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht, d'aontaigh siad le Ivan Bacik faoi sin.
Ní raibh aon ghlacadh an Taoiseach Micheál Martin leis an líomhain, áfach, agus dúirt nach ngéillfeadh an Ceann Comhairle don imeaglú a mhaígh sé a bhí an freasúra a dhéanamh uirthi.
Ní bheidh Dáil Éireann arís go brách mar a bhí roimhe seo, arsa an Taoiseach, de thoradh an achrainn a tógadh ann inné.
Tharraing sé isteach sa phlé ceist mhór idirnáisiúnta agus dúirt nach raibh san aighneas ach an ruidín soip i gcomórtas leis an gcogadh trádála domhanda atá ar na bacáin.
Ní raibh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald sásta le caint an Taoisigh agus thug le fios gur Teachtaí Dála de chuid an Rialtais is ea na Teachtaí Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach gan aon agó.
Níl sé de cheart ag an Rialtas a rá cé atá sa fhreasúra agus cé nach bhfuil, arsa sí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ