Vótáil Dáil Éireann tráthnóna inniu glacadh le moladh an Rialtais cearta labhartha a thabhairt do Theachtaí Dála Neamhspleácha ón nGrúpa Réigiúnach a thacaíonn leis an Rialtas.
93 Teachta a vótáil i bhfabhar an mholta agus 74 a vótáil ina aghaidh.
Ba shuaill, más ea, má chualathas glór an Chinn Chomhairle os cionn an ghleo agus an dá thaobh den teach in earraid le chéile faoin gceist.
Teastaíonn ón Rialtas go mbeadh cead ag Teachtaí an Ghrúpa Réigiúnaigh ceisteanna a chur ar an Taoiseach le linn Cheisteanna na gCeannairí, díreach mar atá ag an bhfreasúra.
Níl aon ghlacadh ag páirtithe an fhreasúra leis an moladh sin, áfach, mar go gcreideann siad gur gruth agus meadhg atá ón nGrúpa Réigiúnach.
Dar le Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus páirtithe nach iad nach féidir leis na Teachtaí Neamhspleácha tacú leis an Rialtas agus cearta freasúra a bheith acu ag an am céanna.
Agus an Ceann Comhairle Verona Murphy ar tí vóta a reáchtáil ar mholadh an Rialtais, d'éirigh Teachtaí an fhreasúra dá suíocháin agus thosaigh ag casaoid go hard.
Chuir an Ceann Comhairle an Dáil ar fionraí ar feadh tamaillín mar gheall ar an mbruithshléacht ach thug sí an toil ar an vóta a reáchtáil nuair a tháinig na Teachtaí ar fad ar ais.
Rinne sí beart de réir a briathair in aghaidh thoil an fhreasúra agus caitheadh an vóta ar deireadh, ar thalamh slán a thoradh ós ag an Rialtas atá an móramh sa Dáil.
Roimhe sin, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur mhór an scanradh a raibh géillte ag an Rialtas do na Teachtaí Neamhspleácha de ghrá an "margadh gránna" a bhí déanta leo a dhaingniú.
Chuir sí i leith an Taoisigh Micheál Martin go ndeachaigh sé siar ar a ghealltanas teacht ar chomhréiteach leis an bhfreasúra faoin gceist.
"Níl aon choinníoll ionat," arsa sí.
Óna thaobhsa de, mhaígh an Taoiseach gurbh é a mheá féin go raibh conspóid pholaitiúil cumtha agus ceaptha as an mbeagán ag an bhfreasúra agus dúirt go raibh siad ag dul thar fóir leis.
Dúirt sé nach raibh aon dealramh le hiompar an fhreasúra, go háirithe i bhfianaise na gceisteanna móra tromchúiseacha atá le réiteach sa tír.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ