skip to main content

Fritaraifí le gearradh ag an Aontas Eorpach ar earraí as Meiriceá

Harley Davidson, forshiombail Mheiriceánach a bhfuil an-tóir uirthi san Eoraip
Harley Davidson, forshiombail Mheiriceánach a bhfuil an-tóir uirthi san Eoraip

Tá an tAontas Eorpach le fritararifí a ghearradh ar luach €26 billiún d'earraí as na Stáit Aontaithe i ndíol na dtaraifí atá gearrtha ag Uachtarán na tíre sin Donald Trump ar chruach agus alúmanam as an Aontas.

Gearrfar na fritararifí ar raon leathan earraí as Meiriceá – báid, gluaisrothair agus bourbon ina measc – agus tiocfaidh feidhm leo i dtús na míosa seo chugainn.

Ní hé sin deireadh an scéil, arae tá an Coimisiún Eorpach ag beartú tuilleadh taraifí a ghearradh ar luach €18 billiún d'earraí eile as Meiriceá ó lár na míosa seo chugainn.

Tuigtear gur earraí tionsclaíocha agus talmhaíochta atá ar intinn ag an gCoimisiún, lena n-áirítear cruach, alúmanam, teicstílí, fearais tí, táirigí plaisteacha, uibheacha, éineoil, mairteoil, táirgí déiríochta, siúcra agus glasraí.

Teastaíonn ón gCoimisiún a chinntiú go mbeidh an luach céanna ar tharaifí an dá thaobh i gcruth nach mbeidh aon chailleadh airgid ann, a oiread agus is féidir, nuair a chuirtear gach rud san áireamh.

Os a choinne sin, ní theastaíonn ón Aontas Eorpach dul i mbun cogadh trádála leis na Stáit Aontaithe agus dúirt Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen go mbeadh an Coimisinéir Trádála Maroš Šefčovič ag leanúint de na comhráite atá ar bun aige leis na Meiriceánaigh d'fhonn teacht ar réiteach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ