Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go bhfuil sé le taraifí ar chruach agus ar alúmanam as Ceanada a dhúbailt ó 25% go 50%.
As Ceanada a thagann 50% d'iompórtálacha alúmanaim agus 20% d'iompórtálacha cruach na Stát Aontaithe.
Dúirt Trump go ndearna sé an cinneadh na taraifí a dhúbailt in éiric na cánach de 25% atá curtha ag na húdaráis in Ontario ar na soláthairtí leictreachais a chuireann an cúige sin ar fáil do na Stáit Aontaithe.
Agus é ag dul go bile buaic leis an scéal, bhagair Trump chomh maith tionscal gluaisteán Cheanada a scriosadh le tuilleadh taraifí fós agus mhol sé arís don tír sin í féin a chomhtháthú leis na Stáit Aontaithe d'fhonn cogadh trádála a sheachaint.
Gan gluaisteáin a bhac, rachaidh na taraifí i gcion ar earraí leictreonacha, ar threalamh foirgníochta agus ar tháirgí nach iad.
Samhlaíonn sé go bhfuil spuaic ar Trump le Príomh-Aire nua Cheanada Mark Carney a thug dúshlán an Mheiriceánaigh nuair a toghadh sa phost é arú inné.
Dúirt Mark Carney go seasfadh sé an fód ar son neamhspleáchas Cheanada agus mhaígh go raibh muintir na tíre sin i bhfoimhdin troda dá mba ghá.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ