Tá fear 59 bliain d'aois gafa ag na póilíní i Sasana maidir leis an tubaiste a tharla sa Mhuir Thuaidh inné.
Polladh tancaer breosla an Stena Immaculate nuair a bhuail lastlong an Solong fúithi amach ó inbhear Humber.
Phléasc an tancaer ar an bpointe agus chuaigh an dá long le thine.
Tugadh 36 duine slán ach ar an drochuair tá mairnéalach amháin ar iarraidh.
Glactar leis faoi seo go bhfuil an fear caillte agus is faoi dhúnorgain de bhíthin mórfhaillí a gabhadh an fear atá á cheistiú ag póilíní Humberside.
Bhí 220,000 bairille de bhreosla scairdeitleán ar an tancaer agus sceith cuid di ar a laghad san fharraige.
Tá an domhnaíocht éan mara, iasc, mamach, plandaí agus eile i mbaol ón truailliú – ogastúin agus deilfeanna ina measc.
Tá an lastlong ag imeacht le sruth ó tharla an tubaiste agus ceaptar go mbáfar í go gairid.
Deir úinéirí na loinge nach raibh ciainíd sóidiam uirthi in ainneoin ar tuairiscíodh sna meáin roimhe seo.
Ní léir fós cad ba shiocair leis an tubaiste.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ