skip to main content

Bean a d'fhulaing éigniú ó thriúr fear tar éis a rá gur éigniú eile a bhí ann gur déanadh 2 thaifead físe den ionsaí.

Matin Zolfaghari, Fabio Vicente agus Anthony Hickey a bhfuil pionós le gearradh orthu faoi bhean a éigniú.
Matin Zolfaghari, Fabio Vicente agus Anthony Hickey a bhfuil pionós le gearradh orthu faoi bhean a éigniú.

Tá bean a d'fhulaing éigniú ó thriúr fear tar éis a rá gur éigniú eile a bhí ann gur déanadh 2 thaifead físe den ionsaí.

I ráiteas tionchar iarmhairtí a thug an bhean os comhair cúirte tráthnóna dúirt sí gur chreid sí nach mbeadh aiféal go deo ar an triúr fear mar ghur scaip siad na físeáin tar éis an ionsaithe "mar chúis gháire."

Ach dúirt sí gur solas agus sólas a bhí ann di go raibh ceart agus cóir bainte amach aici di féin.

Ciontaíodh an mhí seo caite Anthony Hickey (39), oiliúnaí pearsanta as Faiche Bhaile Uí Ógáin, Carraig Mhaighin i mBaile Átha Cliath, in éigniú na mná sa teach cónaithe a bhí aige ag an am i nDún Droma, agus ciontaíodh freisin é in éigniú béil agus in ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar an mbean i gcarr, mí Lúnasa 2019.

Ciontaíodh chomh maith Fabio Vicente (42) as an mBaile Nua Beag, Áth na Sceire, Co Chill Mhantáin in éigniú na mná i gcarr agus sa teach i nDún Droma.

Ciontaíodh freisin Matin Zolfaghari (34) as Cúirt Mharlaí, Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath in éigniú béil sa teach. Fritheadh neamhchiontach é in ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar an mbean sa gcarr.

Bhí na cúisimh séanta ag na fir go léir ach ciontaíodh iad tar éis triail a mhair beagnach 3 seachtainí.

Tá pionós le gearradh orthu an 27ú Márta.

"Amhailt gan éadain"

Agus í ag gol os comhair na Cúirte thug an bhean léargas ina ráiteas ar an gcorraíl intinne a d'fhulaing sí le linn na trialach, áit ar iarr sí scáileán sa gcúirt a choinneódh í gan na fir a bheith in ann í a fheiceáil, ach go mb'éigin di ansin féachaint ar uaireanta an chloig d'fhianaise CCTV den oíche ar casadh na fir an chéad uair riamh uirthi.

"Amhailt gan éadain" a bhí sa triúr acu go dtí sin a dúirt sí.

Dúirt sí faoin oíche ar hionsaíodh í gur airigh sí mar a d'airigh sí riamh, "áthasach, gan eagla, gan bhuairt."

Ach d'athraigh gach ní a dúirt sí tar éis di a bheith éignithe ag triúr strainséirí a choinnigh súil uirthi an oíche sin agus a thug íde di "mar a bheadh uirlis."

Tógadh uaithi a dúirt sí a saoirse, a colainn féin agus a grá don saol agus fágadh faiteach í, ag ceapadh gur contúirt a bhí i ngach strainséir.

Beidh uirthi a dúirt sí cuimhniú go deo ar aghaidheanna a muintir agus í ag inseacht dóibh gur héigníodh í.

Bhí eagla agus imní arís uirthi a dúirt sí ina dhiaidh sin faoina cuid fulaingt a nochtú don pháirtí atá aici ó shin.

B'éigean di obair eile a fháil agus imeacht as an bpost a bhí aici le 14 bliain a dúirt sí mar gheall gur chaill sí a misneach agus a gean ar dhaoine agus bhí scanrú seasta uirthi.

D'fhulaing sí crá croí agus tromluí, easpa codlaidh agus ath-chuimhní.

Ach labhair sí ansin leis na fir a d'éignigh í agus dúirt sí gur orthusan an milleán go léir.

Dúirt sí go gcreideann gach duine a d'fhulaing éigniú gur orthu féin an locht, - "Tuige ar fhan mé amuigh? Tuige ar ól mé an oiread? Tuige nár thuig mé an chontúirt? Tuige nach raibh mé in ann a ghabháil amach ag damhsa agus a theacht abhaile slán sábháilte?

Mar gheall oraibhse, sibhse a bhí ag fanacht agus ag faire agus a chuir dallamullóg orm go ndeachaigh mé isteach sa gcarr sin.

Ní amháin gur éignigh sibh mé ach fuair mé amach le linn na trialach gur éignigh sibh arís mé. Rinne sibh físeáin agus sibh á mo éigniú. Scaip sibh na físeáin sin agus sibh ag gáire fúm agus mé ag rá nach raibh me ag toileadh.

Tá sibh ina suí anseo inniu agus pionós fós le gearradh oraibh.

Ach rinne sibh rogha an oíche sin pionós saoil a ghearradh ormsa, pionós an fhad is a mhairfis mé.

Mar chúis gháire."

Gearrfaidh an Breitheamh Paul Burns pionós ar an triúr fear an 27ú Márta.