skip to main content

Soithíoch amháin ar a laghad tré thine ar an Muir Thuaidh tar éis de 2 mhór-shoithíoch bualadh faoina chéile

Láthair na tubaiste amach ó Humberside Shasana.
Láthair na tubaiste amach ó Humberside Shasana.

Tá breis is 30 duine tugtha i dtír, iad gortaithe ach iad ina mbeatha, tar éis taisme idir tancear ola agus long lastais amach ó chósta thoir thuaidh Shasana.

Tá ar a laghad ceann den dá shoithíoch ollmhóra tré lasadh ar an Muir Thuaidh.

Tá úinéir an tancaeir, Stena Bulk sa tSualainn, tar éis deimhniú go bhfuil an criú go léir ina mbeatha.

Thart ar 9.30 ar maidin a tharla an timpiste.

Tá ingearáin, eitleáin agus báid tarrthála óna Seirbhísí Éigeandála i Skegness, Bridlington, Maplethorpe agus Cleethorpes ar an láthair, chomh maith le riar maith soithíoch eile agus iad ag iarraidh a ghabháil i ngleic leis an tine.

Tá na máirnéalaigh atá tugtha i dtír i gCalafort Grimsby curtha go dtí an t-ospidéal.

Ní léir fós cén bhail atá orthu.

Faoi bhratach na Stát Aontaithe atá an tancaer Stena Immaculate agus is long de chuid na Poirtingéile, an Solong, í an soithíoch lastais.

Deir seirbhís tarrthála an RNLI (an Royal National Lifeboat Institution) go bhfuil tuairiscí faighte acu go bhfuil daoine ón 2 bhád i mbáidíní tarrthála agus go bhfuil tine ag réabadh ar an 2 long.

I limistéar ina mbíonn trácht mhór farraige anonn is anall go dtí an Ísiltír agus an Ghearmáin a tharla an tubaiste.

Tá Stena na Sualainne tar éis a rá gur faoi oibríocht an chuideachta Meiriceánach Crowley atá an tancaer ola.

Tá sí ar cheann de 10 tancaer ola atá ar léas ag Rialtas Mheiriceá le breosla a sheoladh chuig fórsaí armtha na tíre i gcéin.

De réir lucht anailíse mara ar an suíomh Marine Traffic bhí an Stena Immaculate (183 méadar faid) ar ancaire amach ó Immingham, in oirthuaisceart Shasana, nuair a bhuail an Solong (140 méadar faid) í. Ar a bealach go Rotterdam a bhí an long lastais.

Deir Garda Cósta na Ríochta Aontaithe go mbeidh siad ag breithniú a bhfuil tarlaithe mar gheall "gur dóigh" go mbeidh beartais frith-thruailliú le cur i gcrích de bharr na timpiste.