skip to main content

Gene Hackman agus a bhean chéile faighte marbh ina dteach cónaithe

Gene Hackman agus Betsy Arakawa
Gene Hackman agus Betsy Arakawa

Fuarthas marbh ina dteach cónaithe in New Mexico sna Stáit Aontaithe an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa.

Deir na póilíní thall nach gcreideann siad faoi láthair gur feallmharú a bhí i gceist.

Fuarthas marbh madra na lánúine chomh maith.

95 bliain d'aois a bhí Gene Hackman agus 64 bliain a bhí Betsy Arakawa.

Bhí an-cháil ar Gene Hackman as na róil a bhí aige sna scannáin The French Connection, Superman, Unforgiven, Absolute Power agus scannáin nach iad.

Bhí cáil air freisin as poimp agus poiblíocht Hollywood a sheachaint agus d'éirigh sé as an aisteoireacht in 2004.

Phós sé Betsy Arakawa i 1991 agus bhí triúr clainne aige lena chéad bhean chéile Faye Maltese.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ