Den chéad uair riamh, chaith an stát breis agus €1bn i 2024 ar lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.
Léiríonn figiúirí nua, atá curtha ar fáil ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Norma Foley, gur ar an meán, go gcaitheann an stát €2.75m in aghaidh an lae ar lóistín do dhaoine atá ag cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta.
Cuireadh na figiúirí ar fáil do cheannaire Aontú, Peadar Tóibín. Léiríonn siad gur caitheadh €1.005bn euro anuraidh ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Is ionann sin agus ardú 54% ar an méid airgid a caitheadh orthu in 2023.
€2.5bn atá caite ag an stát ar lóistín a chur ar fáil d’iarratasóirí ón mbliain 2019.
Thug an tAire Foley le fios gur ar an meán gur chaith an stát €84 in aghaidh an lae ar gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i rith 2024. Is ionann sin agus ardú 9% ar an €76.80 a caitheadh ar gach iarratasóir in aghaidh an lae le linn 2023.
San áireamh sa chaiteachas sin, tá costais lóistín, bainistiú áiseanna agus costais eile.
nua ar fáil do cheannaire Aontú, Peadar Tóibín
Is de bhunadh na Nigéire iad an sciar is mó de na hiarratasóirí cosanta idirnáisiúnta atá ag fanacht i lóistín atá curtha ar fáil ag an stát i láthair na huaire, de réir na bhfigiúirí is déanaí atá curtha ar fáil ag IPAS, an áisíneacht atá freagrach as lóistín a chur ar fáil d’iarratasóirí tearmainn. 6,914 Nigéarach atá sa chóras i láthair na huaire.
Tá 3,072 Seoirseach ann, 2,733 Ailgéarach, 2,388 Somálach, 2,209 ón tSiombáib, 2,157 Iordánach, 1,715 Afganastánach, 1,656 ón bPacastáin, 1,373 ón mBlanglaidéis agus 1,249 ón Afraic Theas. 694 atá ann ó na Críocha Gafa sa Phailistín. Tá an Afraic Theas, an Ailgéir agus an tSeoirsia rangaithe ina dtíortha sabháilte i láthair na huaire.