Tá sé ráite ag grúpaí míleata in Gaza go bhfuil sé i gceist acu triúr giall a scaoileadh saor amárach. Bhí ag géarú ar an imní le seachtain anuas nach scaoilfí níos mó giall saor, mar a bhí beartaithe faoin sos cogaidh atá i bhfeidhm ón mí seo caite, mar bhí sé curtha i leith Iosrael ag Hamas nach raibh Iosrael ag cloí le téarmaí an chomhaontaithe.
Iair Horn, Sagui Dekel-Chen agus Alexandre Sasha Troufanov is ainm don triúr atá le saoradh.
I ráiteas a chuir oifig Phríomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, ar fáil, deimhníodh go nglacann Iosrael leis an liosta.
Bhain an t-aighneas maidir leis an sos cogaidh le líomhaintí a bhí déanta ag Hamas go raibh Iosrael ag cur bac ar sheachadadh fóirithinte, agus go raibh Iosrael, dá bharr, ag sárú théarmaí an tsosa cogaidh. Séanann Iosrael na líomhaintí sin.
Faoin sos cogaidh, d'aontaigh Hamas an mhí seo caite go scaoilfidís 33 giall de chuid Iosrael saor. Mar mhalairt air sin, d’aontaigh Iosrael go scaoilfidís na céadta Príosúnach Pailistíneach saor, go ligfidís isteach níos mó fóirithinte agus go dtarraingeoidís saor cuid dá dtrupaí in Gaza. Bhí sé aontaithe an mhí seo caite gur, sa chás go mbeadh rath ar an gcéad chéim den sos cogaidh, go mbogfaí chun cinn go dtí an tarna céim den idirbheartaíocht, tráth a scaoilfí an chuid dheireanach de na gialla saor agus go dtarraingeofaí na trúpaí Iosraelacha ar fad as Gaza.
Ach léiríodh imní faoi thodhchaí an tsosa cogaidh le déanaí nuair a dúirt Uachtarán Mheirceá, Donald Trump, gur chóir Pailistínigh a aslonnú amach as Gaza agus an stráice a chur faoi smacht na Stát Aontaithe.
Bhí sé ina raic freisin an tseachtain seo caite nuair a scaoileadh grúpa giall Iosraelach eile saor, mar bhí uafás ar an bpobal idirnáisiúnta a fheicéail nach raibh iontu ach an craiceann is na cnámha.