Tá sé ráite ag teaghlach mná as Dún na nGall a dúnmharaíodh san India ocht mbliana ó shin go bhfuil ceart faighte acu ar deireadh dá n-iníon.
In Goa na hIndia inniu, ciontaíodh Vikat Bhagat, 31 bliain d'aois, in éigniú agus i ndúnmharú Danielle McLaughlin, gurbh as Bun Cranncha di. Ní raibh ach coicís caite ag Danielle McLaughlin, 28, san India nuair a dúnmharaíodh í. Fuarthas a corp i ngort in áit iarghúlta gar don chathair Canacona, ceantar a bhfuil an-tóir air i measc turasóirí, ar 14 Márta 2017.
Bhí am caite ag Danielle McLaughlin san India roimh an turas áirithe sin i 2017; d’oibrigh sí go deonach i ndílleachtlann sa tír roimhe sin agus bheartaigh sí filleadh ar an India i 2017 chun oiliúint a fháil mar mhúinteoir íoga.
Bhí aithne ag Danielle McLaughlin ar Vikat Bhagat sular mharaigh sé í. Gabhadh é uaireanta i ndiaidh dá corp a bheith faighte.
I ráiteas a d’eisigh an dlíodóir Desmond Doherty ar son a teaghlaigh, dúirt Andrea Brannigan, máthair Danielle, agus Joleen McLaughlin Brannigan, deirfiúr Danielle, gurbh é Vikat Bhagat agus Vikat Bhagat amháin a bhí freagrach as an dúnmharú. Thug siad le fios nach raibh amhras riamh ar na poilíní go raibh baint ag aon bhuíon choirpeach ná ag aon duine eile leis an mbás.
Tá áthas orainn go bhfuil an proiséas dlí tagtha chun críche, a dúirt siad.