Tá meitheal eacnamaithe Uachtarán Trump na Stát Aontaithe curtha i mbun oibre ar phlean, faoina bhfuil sé i gceist ag Donald Trump taraifí trádála a ghearradh ar gach tír a ghearrann táillí cánacha ar earraí a iomportálann siad féin ó na Stáit Aontaithe.
Taraifí cómhalartacha a bheadh iontu.
I bhfianaise na dtaraifí seo, tá ag géarú ar an imní go mbeidh sé ina chogadh trádála ar fud an domhain.
"Ar mhaithe le cothrom na féinne a thabhairt do chách", a dúirt an tUachtarán Trump le hiriseoirí, "cuirfidh mise taraifí cómhalartacha i bhfeidhm. Má ghearrann tíortha taraifí ar tháirgí de chuid na Stát Aontaithe, gearrfaidh muidne taraifí ar a dtáirgí siúd."
Níl taraifí nua fógartha ag an Uachtarán Trumpum an dtaca seo; 'sé atá i gceist i láthair na huaire ná go bhfuil lucht eacnamaíochta an Tí Bháin curtha i mbun fiosraithe ar na táillí, cánacha agus taraifí a ghearrann tíortha eile ar earraí de chuid na Stát Aontaithe.
Tá imní léirithe cheana ag lucht Wall Street go gcuirfidh taraifí nua leis an ráta boilscithe sna Stáit Aontaithe.
Aontaithe taraifí nua ar a gcuid táirgí
|
|
Tá imní léirithe gurb iad an tAontas Eorpach, an tSín, an tSeapáin agus an Chóire Theas na tíortha is mó a ngearrfaí na taraifí nua seo ar a gcuid táirgí.
Tiocfaidh an t-athbhreithniú seo ar tharaifí tíortha eile chun críche faoi thús mhí Aibreáin.