Tá fear cúisithe i ndúnmharú maidir le bás fir i gContae Thír Eoghain ag tús na míosa.
Bhásaigh Stephen Holmes, a bhí 31 bliain d'aois, san ospidéal Dé Sathairn seo caite i ndiaidh ionsaí a déanadh air i gceantar an tSratha Báin go luath ar maidin, an 3ú Feabhra.
An tseachtain seo caite, tugadh Dylan McCrossan ó shráidbháile Chocnán na Feá os comhair na cúirte agus é cúisithe i mórdhíobháil choirp.
Inniu, i gCúirt Dúiche an tSratha Báin, iarradh ar an mBreitheamh Oonagh Mullan an chúis do mhórdhíobháil choirp a aistharraingt agus cúis dúnmharaithe a chur ann ina áit.
Ní raibh Dylan McCrossan sa chúirt don éisteacht. Tá sé le teacht os comhair na cúirte arís ar nasc físe ar an 6ú Márta.