D'fhéadfadh sé go mbeadh dlíodóirí Nikita Hand, ar éirigh léi sa chás sibhialta a thóg sí in aghaidh an trodaí MMA Conor McGregor, le damáistí a fháil faoi í a éigniú, ag iarraidh an trodaí a chroscheistiú maidir le físeán CCTV a taispeánadh le linn na trialach.
An mhí seo caite, d'ordaigh an Ard-Chúirt do McGregor gan an físeán a scaipeadh agus aon chóipeanna a bhí aige don bhfíseán a thabhairt ar ais nó a scriosadh, ach maíonn foireann dlí Nikita Hand nach bhfuil ordú na cúirte comhlíonta ag McGregor.
Dúradh san Ard-Chúirt inniu gur shínigh McGregor geallúint faoi mhion ag rá gur ghéill sé don méid a d'iarr an breitheamh air a dhéanamh ach dúirt abhcóide sinsearach Nikita Hand, John Gordon, nár chloí McGregor le rud amháin a d'iarr an Breitheamh air a dhéanamh agus tuigtear go bhfuil a foireann dlí ag maíomh nár thug an trodaí ar ais cóipeanna den bhfíseán atá aige.
Cuireadh an cás siar go dtí tús mhí Márta.